Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Babhta 1 de Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí 2015. Aithníonn an Chomhairle an ról sainiúil a imríonn féilte ealaíon maidir le próifíl ealaíon bheoga a choinneáil ar leibhéal áitiúil. Cuireann na féilte deiseanna ar fáil do lucht éisteachta/lucht féachana agus d’ealaíontóirí saothar nua agus bealaí nua chun obair a dhéanamh a bhrath. Aithníonn an Chomhairle an cion mór oibre a dhéanann na coistí deonacha gníomhacha maidir leis na féilte sin a fhorbairt.
Beidh Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí ar oscailt d’fhéilte ildisciplíneacha, d’fhéilte foirm ealaíne aonair, d’imeachtaí aonuaire agus do shraitheanna ceolchoirmeacha.
Tá trí shraith maoinithe ar fáil:
Sraith 1: Suas le €10,000
Sraith 2: Idir €10,001 agus €20,000
Sraith 3: Idir €20,001 agus €40,000
Tá Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí ar fáil do gach eagraíocht a chuireann féilte nó imeachtaí a bhfuil cuspóir soiléir ealaíonta acu chun cinn agus a bheidh ar siúl le linn an chéad dá ráithe den bhliain féilire 2015 (Eanáir – Meitheamh).
(Ba cheart d’eagraíochtaí atá ag cur isteach ar shraith imeachtaí iarratas a dhéanamh ar imeachtaí don bhliain féilire iomlán mar nach féidir ach iarratas amháin a chur isteach i ngach bliain féilire.)
Ní mór d’iarratasóirí céad uaire agus d’iarratasóirí nár maoiníodh roimhe seo faoi Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí iarratas a chur isteach ar Shraith 1 amháin. Moltar d’fhéilte a fuair maoiniú ón gComhairle Ealaíon roimhe seo faoi Scéim na bhFéilte Beaga iarratas a dhéanamh ar Shraith 1 nó ar Shraith 2, faoi réir leibhéal an mhaoinithe is déanaí a fuarthas. Tá sé beartaithe go bhfreastalófar i Sraith 3 ar líon beag féilte, a bhí maoinithe roimhe seo faoi shruth maoinithe an Deontais le haghaidh Clár Bliantúil. Moltar d’eagraíochtaí ar mian leo iarratas a dhéanamh ar Shraith 3 teagmháil a dhéanamh le Ceann na bhFéilte, Úna McCarthy, go díreach. Is scéim iomaíoch neamh-athfhillteach í Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí, arna measúnú ag painéal piaraí.
Is é an spriocdháta le haghaidh Bhabhta 1 an 25 Meán Fómhair 2014.
Déantar gach iarratas a mheasúnú i gcomhthéacs iomaíoch agus laistigh de na hacmhainní atá ar fáil. Déanfar measúnú ar gach iarratas de réir na gcritéar seo a leanas:
- Fiúntas agus uaillmhian ealaíne
- Cuspóirí agus tosaíochtaí na scéime a chomhlíonadh
- Indéantacht (lena n-áirítear tacaíocht airgeadais agus eile)
Conas a dhéanfaidh mé iarratas?
Chun iarratas a dhéanamh ar scéim na bhféilte agus na n-imeachtaí, beidh ort clárú anseo
- Cliceáil ar an gcnaipe ‘Cláraigh’ faoi ‘Úsáideoir Nua’ (mura bhfuil tú cláraithe cheana féin).
- Cláraigh mar ‘eagraíocht/grúpa’ agus roghnaigh ‘Ar aghaidh’.
- Líon isteach na sonraí atá ag teastáil agus cliceáil ar ‘Cláraigh’.
- Gheobhaidh tú ríomhphost go luath ina dtabharfar sonraí do phasfhocail duit chun logáil isteach.
Nuair a bheidh do ríomhphost faighte agat agus tú logáilte isteach ar an suíomh ar líne beidh tú in ann foirm iarratais agus nótaí treorach a fháil faoi scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí.
Ní ghlacfar le hiarratais i ríomhphoist, sa phost, a chuirfear ar facs nó a bheidh déanach.
Iarratais Nua
Moltar d'iarratasóirí nua ar an scéim dul i dteagmháil leis an bhfoireann roimh dóibh iarratas a sheoladh isteach, trí theachtaireacht ríomhphoist a sheoladh chuig firsttime@artscouncil.ie.
Beidh treoirlínte agus critéir maidir leis an scéim seo ar fáil ar ár suíomh Gréasáin ag tús mhí Lúnasa 2014 agus beifear in ann iarratais a dhéanamh ón 25 Lúnasa 2014 ar ár seirbhísí ar líne.