Life Lines – Club Leabhar an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach
 |
Life Lines – Club Leabhar an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach Ré Órga Léitheoirí á Cheiliúradh
Mar chuid dá chlár poiblí, tá an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach Sebastian Barry ag iarraidh aitheantas a thabhairt don mhéid atá déanta ag léitheoirí do shaol na leabhar. Tá sé mar aidhm ag Life Lines, Club Leabhar an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach, dul i gcion ar léitheoirí thar shocruithe ar leith a bhfuil sé níos deacra teacht orthu, le ficsean Éireannach comhaimseartha, agus i mbliain a haon díreofar go háirithe ar shocruithe sláinte. Tabharfaidh an Laureate cuairt orthu seo a leanas i mí Lúnasa:
- Ospidéal na hOllscoile Port Láirge;
- An Príomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar, Dún Droma;
- Institiúid Mercer um Aosú Bisiúil ag Ospidéal San Séamas;
- Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh.
Chun tuilleadh eolais a fháil féach: http://www.artscouncil.ie/Arts-in-Ireland/Literature/Life-Lines/
Is é Sebastian Barry an dara Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach agus bhronn an Chomhairle Ealaíon an onóir air go luath sa bhliain 2018. Cuireann an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach litríocht Éireannach chun cinn go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta agus spreagann sí an pobal suim a chur i bhficsean Éireannach d’ardchaighdeán. Rinne an Chomhairle Ealaíon forbairt ar an Laureate i gcomhair ficsean Éireannach agus tá tacaíocht á fáil ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD) agus ó Ollscoil Nua-Eabhrac (NYU).
 |
|