An chéad spriocdháta eile do Reel Art – 17:30 Déardaoin,14 Bealtaine 2020
 |
Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtain Scannáin Reel Art de chuid na Comhairle Ealaíon Déardaoin, 14 Bealtaine 2020 ag 17:30. Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, 14 Aibreán 2020 ar aghaidh.
Is é an cuspóir atá le Reel Art deis a chur ar fáil d’ealaíontóirí scannán chun cláir faisnéise atá an-chruthaitheach, an-samhlaíoch agus an-turgnamhach a dhéanamh ar théama ealaíne lena taispeáint sa phictiúrlann. Tacófar le dhá scannán in 2020. Cuirfear ciste iomlán €102,500 ar fáil don dá iarrthóir a n-éiríonn leo (ar a n-áireofar buiséad léirithe €90,000 agus tacaíocht taispeántais bhreise €12,500). Ní chuirfear san áireamh ach scannáin is féidir a dhéanamh laistigh den bhuiséad seo. Caithfear na scannáin a chríochnú le taispeáint den chéad uair ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath, ár gcomhpháirtí tionscadail, i mí Feabhra 2022.
Caithfear iarratais ar Reel Art 2020 a dhéanamh go díreach chuig an gComhairle Ealaíon roimh 17:30 Déardaoin, 14 Bealtaine 2020. Tá na treoirlínte agus sonraí faoin bpróiseas iarratais ar fáil sa rannán faoi mhaoiniú atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin.
Tabhair faoi deara: Ní ghlacfar le hiarratais ach amháin trí shuíomh gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Moltar d’iarratasóirí cúig lá oibre a fhágáil le haghaidh clárú roimh iarratas a dhéanamh.
 |
|