Féadfaidh ealaíontóirí atá lonnaithe in Éirinn agus a bhfuil cuntas teiste acu ar a bheith ag obair i réimse cruthaitheach cur isteach ar an gcónaitheacht seo, agus glacfar le hiarratais ó ealaíontóirí a oibríonn i modh ar bith (ailtireacht, sorcas, ceirdeanna, damhsa, na meáin dhigiteacha, scannán, gluaiseacht, ceol, seónna, amharclannaíocht, scríbhneoireacht, na hamharc-ealaíona, mar aon le gach cineál cleachtas ildisciplíneach agus deartha).
Ba cheart gach ceann de na cáipéisí riachtanacha, de réir mar a sonraítear iad sa treoir atá againn maidir le hiarratas a dhéanamh is féidir a íoslódáil anseo, a chur isteach leis an iarratas.
Ní mór gach iarratas a dhéanamh tríd an bhfoirm iarratais a bhfuil teacht uirthi anseo.
Seolfar teachtaireacht uathoibríoch chuig gach iarrthóir a chuireann iarratas isteach faoin spriocdháta le cur in iúl go bhfuarthas an t-iarratas. Ní ghlacfar le hiarratais nach bhfuil comhlánaithe go hiomlán. Ba cheart d’iarrthóirí a thabhairt faoi deara nach mbeifear in ann aiseolas ar an bpróiseas roghnúcháin a chur ar fáil d’iarratasóirí nach n-éiríonn leo.
Ba cheart ceisteanna a sheoladh i ríomhphost chuig opencall@dublincitycouncilculturecompany.ie roimh ré.
An Próiseas Roghnúcháin
Déanfaidh painéal, ar a mbeidh ionadaithe ón gCumann, ón gCompántas Cultúrtha mar aon le hionadaithe neamhspleácha ón earnáil chultúrtha agus ealaíontóirí gairmiúla athbhreithniú ar na hiarratais. Déanfar na hiarratais incháilithe a gheofar a mheas de réir na gcritéar a leagtar amach san fhógra seo. Forchoimeádann an painéal an ceart le cuireadh a thabhairt d’iarrthóirí a chuirfear ar an ngearrliosta tabhairt faoi agallamh.
Cuirfear na cinntí in iúl faoin 15 Iúil 2019 nó a ghaire don dáta sin agus is féidir, faoi réir aon phróiseas agallaimh agus cláraithe a d’fhéadfaí a eagrú.
Chun na sonraí go léir a fháil tabhair cuairt ar: https://www.dublincitycouncilculturecompany.ie/open-call-for-the-inaugural-creative-residency/