Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon, i gcomhar le Coláiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta (UCC), agus leis an Scoil Ceoil agus Amharclannaíochta (UCC), ceapachán Niall Vallely, taibheoir agus cumadóir a bhfuil cáil idirnáisiúnta air, mar Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh 2014-15. Cuirfidh Vallely sraith ceolchoirmeacha, ceardlann agus seimineár i láthair i rith a chónaitheachta bliana, ag tosú ar an 1 Deireadh Fómhair.
Rugadh Niall Vallely in Ard Mhacha i 1970 agus thosaigh sé ag seinm an chonsairtín nuair a bhí sé seacht mbliana d’aois. Ba iad a thuismitheoirí Brian agus Eithne Vallely, bunaitheoirí Chumann Píobairí Ard Mhacha, a mhúin é. Chríochnaigh Vallely céim sa cheol ag UCC i 1992 agus tá sé i mbun teagaisc i Roinn an Cheoil le blianta fada ó shin. Thar na blianta, tá cur chuige uathúil forbartha aige i leith chasadh na huirlise agus bhunaigh sé é féin mar dhuine de na ceoltóirí traidisiúnta Éireannacha is tábhachtaí ag leibhéal idirnáisiúnta.
Mar aon leis an méid a thugann sé mar thaibheoir virtuoso, bhí cruthaitheacht Vallely mar bhunús le roinnt bannaí tábhachtacha sa cheol traidisiúnta, lena n-áirítear Nomos agus Buille. Mar aon leis sin, mar chumadóir tá go leor píosaí ceoil thraidisiúnta an-aitheanta scríofa aige a sheinntear go fairsing agus atá taifeadta ag go leor ealaíontóirí. Le blianta beaga anuas, mhéadaigh sé scóip na bpíosaí a chum sé chun foirmeacha agus ionstraimíocht mhórscála a úsáid, agus fuair sé coimisiúin rialta ó RTÉ lyric fm, BBC Thuaisceart Éireann, William Kennedy Piping Festival agus UCC, i measc grúpaí eile.
Fáiltíonn Paul Flynn, Ceann na nEalaíon Traidisiúnta ag an gComhairle Ealaíon, roimh an gceapachán: ‘Aithnítear Niall mar dhuine de na ceoltóirí agus cumadóirí is nuálaí dá ghlúin agus tá ardmheas air in earnáil na n-ealaíon traidisiúnta. Tá an Chomhairle Ealaíon ag tnúth go mór leis an méid a thabharfaidh Niall don chónaitheacht agus a fhorbróidh sé mar ealaíontóir ón taithí seo.’
Óstálfaidh an Scoil Ceoil agus Amharclannaíochta ag UCC Vallely, áit atá ceannródaíoch ó thaobh cheol traidisiúnta na hÉireann le blianta fada. Cuirfidh foireann ceoltóirí traidisiúnta a bhfuil aithne idirnáisiúnta orthu lena n-áirítear Bobby Gardiner, Matt Cranitch, Connie O’Connell, Colm Murphy, Mary Mitchell-Ingoldsby agus Mel Mercier fáilte mhór roimhe.