Nuacht ón bPobal
Cuireann Féile Damhsa Bhaile Átha Cliath fáilte roimh iarratais le haghaidh Stiúrthóir nua chun an Fhéile a stiúradh i dtogra nua ceannródaíoch chun damhsa den chéad scoth a chur i láthair lucht féachana na hÉireann.
Oibreoidh an Stiúrthóir, a cheapfar sa phost ar feadh téarma ceithre bliana, leis an mBord agus leis an bhfeidhmiúchán chun fís ealaíonta agus straitéiseach na Féile a stiúradh chun cinn, mar aon le pleanáil agus forbairt. Is deis iontach é seo d’iarrthóir uaillmhianach atá cáilithe go cuí chun an eagraíocht a stiúradh le ceithre eagrán a sheachadadh, ó 2016-19.
Tá an pacáiste maidir leis an bpost ar fáil ar shuíomh Gréasáin Fhéile Damhsa Bhaile Átha Cliath:www.dublindancefestival.ie Is é spriocdháta na n-iarratas Dé Luain, an 9 Feabhra 2015 ag 5pm
|