Tremble Tremble Taispeántas le Jesse Jones
 |
Chuir Jesse Jones feimineachas agus saincheisteanna na mban faoin spotsolas lena saothar Tremble Tremble nuair a rinne sí ionadaíocht ar Éirinn ag 57ú Biennale na Veinéise / La Biennale di Venezia, in 2017. Tá Jesse Jones chun filleadh ar Bhaile Átha Cliath leis an gcéad léiriú den saothar tráthúil seo in Éirinn. Cuirfidh Jones athrú ó bhonn ar Space Upstairs in Projects Arts Centre agus déanfar saothar suiteála tumthach ilmheán de. Is tionscnamh beartais de chuid na Comhairle Ealaíon a bheidh i gcur i láthair an tsaothair in Éirinn agus sin a bhuí d’infheistíocht €64,000 a dhéanfaidh an ghníomhaireacht stáit atá freagrach as na healaíona a fhorbairt mar chuid dá tiomantas chun na hamharc-ealaíona a thabhairt chomh fada le lucht féachana na hÉireann.
“Tá mórtas ar an gComhairle Ealaíon tacú le filleadh ionadaíocht náisiúnta na hÉireann ó Taispeántas Débhliantúil Ealaíne na Veinéise 2017,” a dúirt Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon, Sheila Pratschke. “Is í Jesse Jones duine de na healaíontóirí is tábhachtaí in Éirinn agus léiríonn an saothar seo neart agus ionracas a cleachtais. Tá ríméad orainn gur féidir linn an cur i láthair a thabhairt abhaile ionas gur féidir le pobal na hÉireann an saothar a rinne ionadaíocht ar Éirinn ag an taispeántas ealaíne is tábhachtaí agus is clúití ar domhan a fheiceáil.
Beidh an taispeántas ar siúl go dtí an 18 Iúil, 2018 agus beidh saorchead isteach. Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, téigh i dteagmháil le justine.harrington@artscouncil.ie
 |
|