Cuirfidh Music Moves Europe earnáil an cheoil chun cinn san Eoraip
Ar an 14 Feabhra 2018, sheol Tibor Navracsics go hoifigiúil an Gníomh Ullmhúcháin, Music Moves Europe: Boosting European Music Diversity and Talent. Cheadaigh Parlaimint na hEorpa an Gníomh Ullmhúcháin agus bhronn sí buiséad €1.5 milliún le haghaidh 2018.
Cuideoidh gníomh Music Moves Europe chun smaointe agus tionscadail a thástáil, cinn a bhféadfaí aithris a dhéanamh orthu ar scála níos mó sa chéad ghlúin eile de chláir AE. D’eascair sé ó chomhairliúcháin a bhí ar siúl ar feadh dhá bhliain idir an Coimisiún Eorpach agus na páirtithe leasmhara in earnáil an cheoil san Eoraip, cosúil le Live Europe, Impala, agus Europe Jazz Network. Léigh tuilleadh anseo.
|