DEIS FOSTAÍOCHTA: Bainisteoir Tacaíochta don Chomhpháirtíocht Oideachais Ceoil
 |
D’fhonn tacaíocht a chur ar fáil do Chomhpháirtíochtaí Oideachais Ceoil atá ann cheana agus do Chomhpháirtíochtaí a fhorbrófar amach anseo, tá Music Generation ag glacadh le hiarratais do phost mar bhainisteoir tacaíochta don Chomhpháirtíocht Oideachais Ceoil.
Bunaíodh Music Generation sa bhliain 2010, agus is é an aidhm atá aige athrú ó bhonn a chur ar shaol leanaí agus daoine óga trí fháil áitiúil a thabhairt dóibh ar oideachas ceoil taibhithe d’ardchaighdeán lena ngabhann fóirdheontais. Chuir Music Generation tús le céim forbartha eile le deireanas i naoi n-áit éagsúla ar fud na tíre ag féachaint don chlár a chur chun feidhme go náisiúnta faoi 2022.
Is deis iontach é an post nua leis an Oifig Náisiúnta Forbartha ag Music Generation do dhuine gairmiúil ag a bhfuil saineolas ar an bhforbairt cheoil mar aon le scileanna pearsanta agus ceannaireachta den chéad scoth, a bhfuil ar a c(h)umas oibriú as a stuaim féin agus a thugann faoin obair le teann díograis chun torthaí a bhaint amach.
Chun sainchuntas poist agus eolas ar an bpróiseas iarratais a fháil, téigh i dteagmháil le John Deely ag Pinpoint (Recruit@pinpoint.ie, (01) 642 5721). Spriocdháta: 12 meán lae, Dé hAoine, 4 Bealtaine 2018.
 |
|