Na sárscannáin dhubha agus bhána le Buster Keaton, Charlie Chaplin agus Harold Lloyd is bun le Silent Moves, scannán 28 nóiméad gan focail ina gcuirtear béim mhór ar an ngluaiseacht agus ar an mím. Úsáidtear teicnící beochana íomhá ar íomhá agus móitífeanna ropánta, rud a fhágann go bhfuil aeistéitiúil ar leith ag an scannán, mar aon le fuaimrian beo den scoth. Rinneadh an scannán ar an láthair i mBéal an Átha, agus tá teachtaireacht láidir le fáil ann maidir le tuairimí i leith an mhíchumais. Scannán álainn atá ann a bhfuil idir ghreann agus mhothúcháin ann.
Tabharfar Silent Moves ar camchuairt chuig Amharclann na Cathrach, Gaillimh, chuig Ionad Ealaíon Triskel, Corcaigh (mar chuid d’Fhéile Scannán Chorcaí) agus chuig Institiúid Scannán na hÉireann i mBaile Átha Cliath i bhfómhar na bliana seo.
Comhairle Contae Mhaigh Eo a choimisiúnaigh Silent Moves mar chuid de Ignite. Is é atá in Ignite ardán nua arb é is aidhm dó sárthaispeántas uaillmhianach Éireannach a ghiniúint, rud ina gcuirfear scileanna daoine faoi mhíchumas ar taispeáint agus a bheidh á stiúradh ag ealaíontóirí agus ag taibheoirí idirnáisiúnta agus Éireannacha faoi mhíchumas. Cuirfear na tionscadail ar siúl in 2014 agus in 2015 i gCorcaigh, i nGaillimh, agus i Maigh Eo. Is ionann na coimisiúin sin agus infheistíocht suas le €60,000 an ceann. Cuirfear deireadh leis an tionscnamh seo le camchuairt Silent Moves i Samhain 2015.
Tá an Scéim um Choimisiúnú Ignite á bainistiú ag comhpháirtíocht uathúil ina gcuimsítear an Chomhairle Ealaíon, Ealaíona agus Míchumas Éireann (ADI), Comhairle Cathrach Chorcaí, Comhairlí Cathrach agus Contae na Gaillimhe, agus Comhairle Contae Mhaigh Eo.
Tá tuilleadh sonraí le fáil ón ADI http://www.adiarts.ie/ nó ó Ionad Ealaíon Bhéal an Átha http://www.ballinaartscentre.com