Taispeántais 52 / Tionscnamh 52 pop-up, Dingle Peninsula
Is tionscnamh ealaíne ildisciplíneach comhoibríoch é Tionscnamh 52 a chruthaíonn nasc idir ealaíontóirí atá ag maireachtaint i gCorca Dhuibhne. I rith na 52 seachtaine de 2017, bhí tréimhse seachtaine amháin ag gach ealaíontóir chun píosa nua ealaíne a chruthú. Tugadh don chéad ealaíontóir eile an píosa ealaíne sin agus úsáideadh sin mar spreagadh dá phíosa nua fhéin. Sa tionscnamh tá scríbhneoirí, péintéirí, ceoltóirí, grianghrafadóirí, lucht scannánaíochta, hatadóirí agus araile san áireamh. Tá tionchar mór ag tírdhreach agus ag cultúr Chorca Dhuibhne le brath ar na saothair, agus tá píosaí as Gaeilge agus as Béarla araon. Taispeánann an tionscnamh seo an ealaín shaibhir agus éagsúil a chruthaítear anseo agus is baraiméadar é don gcomhphobal.
Tobléirithe gach lá @ 1i.n. Aoine 3ú-7ú Bealtaine
|