Tá an samhradh agus na healaíona faoi lán seoil anois, agus obair den scoth ar bun, á taispeáint agus á cur ar stáitse i ngach áit in Éirinn.
D’fhógraíomar cheana féin an chéad 150 scoil – idir bhunscoil agus mheánscoil – a bheidh páirteach i dtreoirthionscadal Scoileanna Ildánacha na Comhairle Ealaíon, ar cuid thábhachtach de chlár Éire Ildánach an Rialtais é.
Tá ríméad orm a rá leat gur éirigh le Mike McCormack, scríbhneoir a bhfuil caidreamh fada ag an gComhairle Ealaíon leis trí chláir chónaitheachta agus dámhachtainí sparánachta, Dámhachtain Liteartha Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath a bhaint amach mar gheall ar an leabhar iontach a scríobh sé, Solar Bones.
Thug an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan an chéad chuairt ar an gComhairle Ealaíon le gairid. Chuir an tAire fáilte roimh chinntí a rinne an Chomhairle le déanaí inár scéim nua Maoiniú Deontais do na hEalaíona, áit a bhfuair 116 ealaíontóir agus eagraíocht ealaíne tairiscintí deontais a thugann suas go dtí deireadh 2019 iad.[nasc le heisiúint] Tá sé sin mar chuid dár gcreat nua maoinithe, agus samhlaímid go mbeifear in ann pleanáil níos fearr agus torthaí níos fearr a bhaint amach mar gheall ar an am breise.
Ar an gcaoi chéanna, ba mhaith liom d’aird a dhíriú go speisialta ar an spriocdháta dár nDámhachtain Tionscadal 2019 atá ag teannadh linn. In athrú ó bhlianta roimhe seo, ní bheidh ach babhta amháin i gceist sa scéim le haghaidh 2019 ar fad, mar sin ba cheart d’ealaíontóirí agus d’eagraíochtaí ar spéis leo é a gcuid dintiúir a bheith istigh acu roimh an spriocdháta 5.30pm, Déardaoin 16 Lúnasa. Tá na treoirlínte ar fáil ar ár suíomh gréasáin cheana féin.
Ar deireadh, tabhair faoi deara gurb é an spriocdháta do Mhaoiniú Straitéiseach agus Maoiniú Ionad ná 5:30pm an 6 Meán Fómhair, agus tá na treoirlínte ar fáil anseo.
Le dea-mhéin,

Orlaith McBride
Stiúrthóir