Tabharfaidh toscaireacht de ghairmithe ealaíne as an Aontas Eorpach / an Afraic Theas a bhfuil ceangal acu le hionaid ealaíon pobail san Afraic Theas, sa Fhrainc agus Flóndras cuairt ar Éirinn i mí Bealtaine 2018.
Is cuid den Shukuma Mzansi (a chiallaíonn, Cuir Beocht sa Deisceart!) í an chuairt staidéir de chuid Thionscadal Idirphlé Idirnáisiúnta na nIonad Ealaíon Pobail, arna thionscnamh ag an Roinn Ealaíon agus Cultúir san Afraic Theas agus Ionad Ealaíon Sibikwa, in Johannesburg. Seo é an dara céim den tionscadal a cuireadh ar bun in 2017. Tá an chuairt staidéir á hóstáil ag Ionad Ealaíon Phobal Thamhlachta, i gcomhar le Rua Red, an Civic Theatre (Amharclann an Phobail) agus an Chomhairle Ealaíon.
Is é aidhm Shukuma Mzansi! an t-iniúchadh agus an malartú foghlama agus smaointe idirnáisiúnta, an cleachtas ealaíon pobail agus rannpháirtíocht an phobail, clársceidealú cuimsitheach, ealaíona na n-óg, beartas agus comhpháirtíocht a éascú, idir ionad ealaíon pobail san Afraic Theas, in Éirinn, i bhFlóndras agus san Fhrainc.
Sprioc Shukuma Mzansi! Tá Tionscadal Idirphlé na nIonad Ealaíon Pobail chun moltaí agus creat a chur le chéile i gcomhair beartas náisiúnta a bhaineann le hIonaid Ealaíon Pobail agus clársceidealú san Afraic Theas.
Is í an Chomhairle Ealaíon a cheap an clár seo i gcomhpháirtíocht le hEalaíona Pobail Thamhlachta agus Ionad Ealaíon Sibikwa agus ba mhaith linn buíochas a ghlacadh leis na comhpháirtithe go léir agus le gach duine a thug cúnamh as a ndíograis chun tabhairt faoin idirphlé seo agus fáilte a chur roimh ár n-aíonna idirnáisiúnta.
Má tá spéis agat tuilleadh a chloisteáil faoin imeacht seo, seol ríomhphost chuig sinead.oreilly@artscouncil.ie