Fáilte go heagrán mhí Dheireadh Fómhair dár nuachtlitir
B’fhéidir gur thug tú faoi deara ár dtaighde nua ar na healaíona in Irish Life anseo , ina dtaispeántar an líon an-ard daoine atá ag gabháil do na healaíona ar fud na tíre ar fad. Ceann de na bealaí bríomhara agus saibhre ina ngabhann daoine do na healaíona ná trí fhéilte, agus an mhí seo, agus muid ag ullmhú le haghaidh 2018, déanaimid athnuachan ar ár dtiomantas d’fhéilte in Éirinn le seoladh na Scéime Infheistíochta i bhFéilte.
In 2017, thugamar tacaíocht airgeadais do 155 eagraíocht ealaíne ar fud na tíre, agus gníomhaíochtaí ar siúl i ngach contae. Agus toisc go mbíonn siad ar siúl i mbailte, i gcathracha, ar oileáin nó ag crosbhóithre, cuireann siad na healaíona i láthair i dtimpeallachtaí ina spreagtar rannpháirtíocht mhéadaithe an phobail go minic. Tá féilte ar cheann de na himeachtaí is tábhachtaí ina gcruthaítear agus ina gcuirtear na healaíona i láthair lucht féachana agus éisteachta atá mór agus ilghnéitheach, chomh maith le deiseanna a thabhairt d’ealaíontóirí a saothar a fhorbairt, a thástáil agus a thaispeáint.
Cuireann an scéim nua infheistíocht mhéadaithe ar fáil in earnáil na bhféilte, agus tacaítear le féilte chun acmhainn a mhéadú agus tugtar deis d’fhéilte nua teacht chun cinn lena chinntiú go gcuirfear smaointe nua i gcrích. Rinneamar roinnt athruithe ar an scéim, agus uirlis forbartha curtha ar fáil againn mar chuid den phróiseas iarratais, rinneamar athruithe ar na frámaí ama chun cuidiú leis an bpleanáil, agus chruthaíomar slabhra tacaithe maoinithe a mheaitseálann na céimeanna forbartha difriúla a bhaineann le féile. Caith súil ar ár suíomh gréasáin chun tuilleadh eolais a fháil.
De réir mar a leanann féilte ag fás agus mar a thugann siad dúshlán dár bpeirspictíochtaí maidir leis an mbealach a ghabhann pobail i ngleic leis na healaíona, tá ríméad orainn an scéim nua a sheoladh a thugann infheistíocht mhéadaithe agus a thacaíonn leis an ardán tábhachtach seo.
Tá lúcháir ar an gComhairle Ealaíon agus ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a fhógairt gur ceapadh an file Dairena Ní Chinnéide mar Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge.
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon, i gcomhar le Coláiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta (UCC), agus leis an Scoil Ceoil agus Amharclannaíochta (UCC), ceapachán Colin Dunne, taibheoir agus múinteoir a bhfuil cáil idirnáisiúnta air, mar Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe i gColáiste na hOllscoile Corcaigh in 2017-18.
Tá athbhreithniú straitéiseach, neamhspleách á choimisiúnú ag an gComhairle Ealaíon agus ag rialtas áitiúil (tríd an gCumann Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach) ar an líonra ionad agus ionaid ealaíon ar fud na tíre.
Tá lúcháir orainn a fhógairt gur dheimhnigh Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann go gcuirfear maoiniú ar fáil in 2018/2019 i gcomhair iarratais ar chamchuairteanna lena mbaineann gné thuaidh/theas. Is é an dáta iarratais don dá scéim camchuairte an 11 Eanáir 2018.
Is deis é seo le haghaidh coimisiúin faoi chéatadán ar son na healaíne i réimse an cheoil thraidisiúnta ag díriú ar shaothar nua a chruthú. Tá fáilte roimh dhaoine aonair nó comhoibrithe iarratas a dhéanamh. Spriocdháta le hiarratas a chur isteach: Déardaoin, an 2 Samhain @ 5.00 p.m.