Spriocdháta don Dámhachtain Tionscadail Ailtireachta 2019
Is é cuspóir na Dámhachtana Tionscadail Ailtireachta tacú le hobair nua uaillmhianach san ailtireacht nó faoin ailtireacht trí shaothair spásúla, ábharthanó saothair fisiciúla eile a bhfuil aschur fíor agus follasach acu agus a d’fhéadfadh leis an bpobal dul i ngleic leo, a chruthú.
D’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith mar chuid de thograí féidearthachta: togra ina n-éascaítear cruthú saothar ailtireachta atá dúshlánach agus ina dtéitear i ngleic le riosca ealaíne; ina n-éascaítear fiosrú agus/nó tástáil smaointe cruthaitheacha san ailtireacht; ina bhforbraítear plé criticiúil ar an ailtireacht mar fhoirm ealaíne.
Caithfear iarratais ar Dhámhachtain do Thionscadal Ailtireachta a dhéanamh go díreach chuig an gComhairle Ealaíon roimh 17:30 Déardaoin, 15 Lúnasa 2019. Foilseofar treoirlínte agus sonraí iomlána an phróisis iarratais i mí Iúil 2019.
An Scéim Rannpháirtíochta san Ailtireacht 2019 Spriocdháta
Is é cuspóir na Scéime Rannpháirtíochta san Ailtireacht tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh uaillmhianacha, nuálacha agus chruthaitheacha ar ardchaighdeán – e.g. taispeántais, imeachtaí, féilte agus cláir. Tá sé mar aidhm shonrach aici cur le taithí an phobail ar an ailtireacht agus a rannpháirtíocht léi. Tá dhá shraith sa scéim seo: Snáithe 1 – Forbairt agus taighde ar smaointe; Snáithe 2 – Réadú agus seachadadh tionscadail.
Caithfear iarratais ar Rannpháirtíocht san Ailtireacht a dhéanamh go díreach chuig an gComhairle Ealaíon roimh 17:30 Déardaoin, 15 Lúnasa 2019. Foilseofar treoirlínte agus sonraí iomlána an phróisis iarratais i mí Iúil 2019.