Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Babhta 2 de Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí 2015. Aithníonn an Chomhairle an ról sainiúil a imríonn féilte ealaíon maidir le próifíl ealaíon bheoga a choinneáil ar leibhéal áitiúil.
Tugann féilte deiseanna do lucht féachana agus d’ealaíontóirí dul i dtaithí ar shaothar nua agus ar bhealaí nua chun saothar a dhéanamh. Aithníonn an Chomhairle an cion mór oibre a dhéanann na coistí deonacha maidir leis na féilte sin a fhorbairt.
Tá Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí ar oscailt d’fhéilte ildisciplíneacha, d’fhéilte foirm ealaíne aonair, d’imeachtaí aonuaire agus do shraitheanna ceolchoirmeacha.
Tá dhá shraith maoiniúcháin ar fáil:
Sraith 1: Suas le €10,000
Sraith 2: Idir €10,001 agus €20,000
Tá Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí ar fáil do gach eagraíocht a chuireann féilte nó imeachtaí a bhfuil cuspóir soiléir ealaíonta acu chun cinn agus a bheidh ar siúl i rith an dara leath den bhliain féilire 2015 (Iúil – Nollaig).
Ní mór d’iarratasóirí céaduaire agus d’iarratasóirí nár maoiníodh roimhe seo faoi Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí iarratas a chur isteach ar Shraith 1 amháin. Moltar d’fhéilte a fuair maoiniú ón gComhairle Ealaíon roimhe seo faoi Scéim na bhFéilte Beaga iarratas a dhéanamh ar Shraith 1 nó ar Shraith 2, faoi réir an mhéid maoiniúcháin ba dhéanaí a fuarthas. Is scéim iomaíoch neamh-athfhillteach í Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí, arna measúnú ag painéal piaraí.
Is é an spriocdháta le haghaidh Bhabhta 2 an 26 Feabhra 2015.
Déantar gach iarratas a mheasúnú i gcomhthéacs iomaíoch agus laistigh de na hacmhainní atá ar fáil. Déanfar measúnú ar gach iarratas de réir na gcritéar seo a leanas:
- Fiúntas agus uaillmhian ealaíne
- Cuspóirí agus tosaíochtaí na scéime a chomhlíonadh
- Indéantacht (lena n-áirítear tacaíocht airgeadais agus eile)
Conas a dhéanfaidh mé iarratas?
Chun iarratas a dhéanamh ar scéim na bhféilte agus na n-imeachtaí, beidh ort clárú anseo .
- Cliceáil ar an gcnaipe ‘Cláraigh’ faoi ‘Úsáideoir Nua’ (mura bhfuil tú cláraithe cheana féin).
- Cláraigh mar ‘eagraíocht/grúpa’ agus roghnaigh ‘Ar aghaidh’.
- Líon isteach na sonraí atá ag teastáil agus cliceáil ar ‘Cláraigh’.
- Gheobhaidh tú ríomhphost go luath ina dtabharfar sonraí do phasfhocail duit chun logáil isteach.
Nuair a bheidh do ríomhphost faighte agat agus tú logáilte isteach ar an suíomh ar líne beidh tú in ann foirm iarratais agus treoirnótaí a fháil faoi scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí.
Ní ghlacfar le hiarratais i ríomhphoist, sa phost, a chuirfear ar facs nó a bheidh déanach.
Iarratais Nua
Moltar d’iarratasóirí nua ar an scéim dul i dteagmháil leis an bhfoireann roimh dóibh iarratas a sheoladh isteach, trí ríomhphoist a sheoladh chuigfirsttime@artscouncil.ie.
Beidh treoirlínte agus critéir maidir leis an scéim sin ar fáil ar ár suíomh Gréasáin ag deireadh mhí na Nollag 2014 agus beifear in ann iarratas a dhéanamh ón 27 Eanáir 2015 ar ár Seirbhísí ar Líne.