Spriocdháta: Maoiniú Deontais do na hEalaíona, 2021
 |
Is é an spriocdháta i gcomhair iarratas: 5.30 pm Déardaoin, 12 Márta 2020
Beifear ag glacadh le hiarratais ón 28 Eanáir 2020.
Is é an cuspóir atá le Maoiniú Deontais do na hEalaíona a chinntiú go mbeidh fairsinge gníomhaíochtaí agus clár ealaíon ar ardchaighdeán ar fáil ar fud na tíre, trí thacaíocht solúbtha a chur ar fáil ar feadh tréimhse ama seasta, agus trína dhéanamh sin, freagraíonn sé do riachtanais na ndaoine atá ag déanamh saothair, á chur i láthair agus ag tacú le cruthú saothair.
Tá sé i gceist go ndéanfaidh an clár na nithe seo:
- Tacaíocht a thabhairt do níos mó ná gníomhaíocht ealaíon ar leith amháin a bheidh ar siúl laistigh de thréimhse ama seasta, nó
- Tacaíochtaí nó saoráidí a thabhairt d'ealaíontóirí thar thréimhse ama seasta.
Tá sé ina sprioc sa chlár, Maoiniú Deontais do na hEalaíona, freisin torthaí a bhaint amach ina bhforbraítear na healaíona:
- Trí eispéiris ealaíon ar ardchaighdeán a chur ar fáil don phobal mór a bheith páirteach sna healaíona, nó
- Trí sheirbhísí, acmhainní nó áiseanna den scoth a sholáthar a thacaíonn le hobair ealaíontóirí nó earnáil na n-ealaíon, agus
- An maitheas a dhéanfar d’éiceolaíocht na n-ealaíon sa réimse cleachtais lena mbaineann tú.
Foilseofar treoirlínte ar ár suíomh gréasáin i mí Eanáir 2020 sa chuid maidir le maoiniú atá ar fáil
 |
|