Breac síos an dáta! Clinic Eolais ar líne atá ag teacht aníos maidir le dámhachtainí scannáin na Comhairle Ealaíon do 2021
 |
Trí na dámhachtainí scannáin dá cuid, tacaíonn an Chomhairle Ealaíon le timpeallacht a chruthú ina bhfuil an tsaoirse ag scannánóirí saothar turgnamhach agus/nó neamh-scéalaíochta a dhéanamh, agus tugtar deiseanna dóibh saothar ealaíonta ard-chruthaitheach a dhéanamh d’ardáin taispeántais i dtionscal na scannán.
Tabharfaidh Foireann Scannánaíochta na Comhairle Ealaíon cuntas ar na deiseanna maoinithe le haghaidh ealaíontóirí scannán (e.g. Dámhachtain do Thionscadal Scannáin, Reel Art, Authored Works agus an Dámhachtain nua Lúfaireachta etc.) le linn clinic eolais ar líne Dé hAoine, an 16 Aibreán. Beidh an seisiún mar chuid d’imeacht faisnéise arna eagrú agus arna óstáil ag aemi. Tugtar an deis d’iarratasóirí féideartha freastal ar an gclinic agus iarrtar orthu clárú trí ríomhphost a chur chuig info@aemi.ie. Cuirfear tuilleadh sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin aemi go luath.
|