Is é cuspóir na Dámhachtana do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta tacú le tionscnaimh cleachtóirí gairmiúla i bhforbairt agus i gcur i láthair ceoldráma ag trí chéim ar leith. Spreagfar forbairt agus/nó cur i láthair saothair ar ardchaighdeán ealaíne i roinnt céimeanna forbartha agus léirithe iomlána ceoldrámaíochta freisin a dhéanann teagmháil leis an bpobal, rud a chruthóidh deiseanna d’ealaíontóirí.
Spriocdháta: 5.30 pm, 14 Bealtaine 2020
I ngach ceann de thrí shraith na dámhachtana, tabharfar tús áite d’iarratais a léiríonn na rudaí seo a leanas:
- Fís ealaíonta shoiléir agus fianaise go bhfuil an tionscadal a bheartaítear ar ardchaighdeán ealaíne nó gur dóigh go mbeidh sé ar ardchaighdeán ealaíne; cuirfear cuntas teiste na bpríomhealaíontóirí san áireamh
- Mórdheiseanna forbartha do chleachtóirí ceoldrámaíochta gairmiúla
- Iarratais atá ag teacht go soiléir le tosaíochtaí beartais agus straitéise na Comhairle i gcomhair na ceoldrámaíochta.
Tá trí bhanda maoinithe ar fáil a bhaineann leis an trí shraith den Dámhachtain do Thionscadail agus Léiriú Ceoldrámaíochta:
- Sraith 1: Tionscadail Cheoldrámaíochta: Forbairt: suas le €20,000 ar a mhéad
- Sraith 2: Tionscadail Cheoldrámaíochta: Cur i Láthair Forbartha: suas le €110,000 ar a mhéad
- Sraith 3: Léiriú na Ceoldrámaíochta: suas le €450,000 ar a mhéad
An Próiseas iarratais
Is féidir na sonraí iomlána maidir le próiseas an iarratais a fháil anseo
Treoirlínte
Le bheith i dteideal iarratas a dhéanamh, ní mór d’iarratasóirí na riachtanais seo a leanas a shásamh:
- A bheith ina gcónaitheoirí de chuid Phoblacht na hÉireann/a bheith lonnaithe i bPoblacht na hÉireann. Bíonn cásanna eisceachtúla ann nuair a ghlacann an Chomhairle Ealaíon le hiarratais incháilithe ó dhaoine nach cónaitheoirí de chuid Phoblacht na hÉireann iad/nach bhfuil lonnaithe i bPoblacht na hÉireann. Sula n-admhódh an Chomhairle Ealaíon go bhfuil iarratas den sórt sin incháilithe, áfach, bheadh ar an gComhairle a bheith sásta go gcuirfeadh torthaí togra den sórt sin leis na healaíona i bPoblacht na hÉireann.
Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta don chothromas agus don chuimsiú agus fáiltíonn sí roimh iarratais ó dhaoine nó ó ghrúpaí ó phobail ina bhfuil cultúir éagsúla agus ó dhaoine faoi mhíchumas.
Cé nach bhfuil léiritheoirí ceoldrámaíochta atá ag fáil Maoiniú Straitéiseach i dteideal iarratas a dhéanamh, féadfaidh eagraíochta eile (ar nós ionaid léirithe) a fhaigheann Maoiniú Straitéiseach nó Maoiniú Deontais do na hEalaíona iarratas a dhéanamh, ar an gcoinníoll go bhfuil aon ghníomhaíocht agus aon mhaoiniú gaolmhar a thaispeántar a bheith sa bhreis ar na gníomhaíochtaí dá bhfuair an eagraíocht sin Maoiniú Straitéiseach nó Maoiniú Deontais do na hEalaíona, agus ar leithligh uathu.
Cé nach bhfuil léiritheoirí ceoldrámaí a fhaigheann Maoiniú Straitéiseach i dteideal iarratas a dhéanamh, táthar ag súil go bhféadfadh ról a bheith acu uaireanta ag tabhairt tacaíochta nó ag déanamh páirtíochta don tsraith den dámhachtain a bhaineann le Cur i Láthair na Ceoldrámaíochta (agus d’fhéadfadh ról tacaíochta a bheith acu freisin sna sraitheanna a bhaineann le Forbairt na Ceoldrámaíochta). I gcásanna den chineál sin, ní mór don iarratasóir agus don léiritheoir tacaíochta maoinithe a dheimhniú go bhfuil an tacaíocht atá á tairiscint agus ról beartaithe na heagraíochta atá maoinithe sa bhreis ar na gníomhaíochtaí dá bhfuil Maoiniú Straitéiseach faighte ag an eagraíocht, agus deighilte uathu, agus nach gcuirfidh an léiritheoir ceoldrámaíochta maoinithe an saothar i láthair go poiblí nó ar bhealach eile mar léiriú nó comhléiriú nó mar chuid dá chlár.