‘In the depths of winter, I finally learned that within me there lay an inconquerable summer’.
Ba iad na focail sin thuas, focail Albert Camus, na cinn ar bhain an t-úrscéalaí iomráiteach Mary Costello úsáid astu san eipeagraf dá húrscéal, Academy St.
Le linn tréimhsí deacra mar seo, agus muid ag lorg bealach trínar féidir linn ciall a bhaint aisti ionas gur féidir linn teacht slán aisti, is ar amhráin, scéalta, dánta agus pictiúir a fhéachaimid. Is údar dóchais atá sna focail sin le Albert Camus agus is mór an chabhair iad dúinn, díreach cosúil leis an méid a dúirt Seamus Heaney le linn na chéad dianghlasála. Ach, ní gan dua a aimsítear an ‘inconquerable summer’ ionainn. Táimid nach mór spíonta ó thaobh na mothúchán de, agus tá sé fós deacair srian a choinneáil ar líon na dteagmhálaithe sóisialta atá againn, cé go bhfuil a fhios againn cé chomh thábhachtach is atá sé iad sin a choinneáil íseal. Bíonn laethanta áirithe ann agus nuair a osclaímid ár súile ar maidin, bíonn orainn dianiarracht a dhéanamh an fuinneamh a mhúscailt le leanúint orainn. Táimid ag foghlaim conas foighne a bheith againn agus conas an fhoighne sin a atógáil nuair is gá.
An tráth seo sa Chomhairle Ealaíon, leanfaimid orainn chun réimse de thacaíochtaí ar leith a chur ar fáil le gur féidir le heagraíochtaí iad féin a choinneáil i mbun gnó, mar aon le healaíontóirí aonair agus oibrithe sna healaíona. Táimid chun sceideal maoinithe a fhoilsiú don bhliain 2021 ar fad chun cabhrú le healaíontóirí agus le heagraíochtaí ealaíon pleanáil a dhéanamh.
I bhfianaise na gcúinsí deacra atá ann faoi láthair, tá éileamh mór ó ealaíontóirí aonair nach bhfacthas a leithéid riamh, agus táimid tiomanta gach uile iarratas a mheas mar ba cheart agus mar ba chothrom. De thoradh air sin, beidh beagánín níos mó ama uainn ná mar a bhí sna blianta roimhe seo chun tairiscintí sparánachtaí a dhéanamh maidir le roinnt foirmeacha ealaíne. Is mór againn bhur bhfoighne agus na cinntí ríthábhachtacha sin á ndéanamh againn.
Tá Dámhachtain Lúfaireachta tugtha isteach againn agus cuirfear deireadh leis an tréimhse iarratas i ndáil leis sin Déardaoin seo chugainn, an 8 Aibreán. Beidh dhá bhabhta eile den dámhachtain sin in 2021.
Mar a bheidh a fhios ag cuid mhaith agaibh, táimid tar éis ár gcórais a athrú agus ciallaíonn sé sin go mbeimid in ann seirbhís i bhfad níos fearr a sholáthar daoibh. Ar an drochuair, ó am go chéile, nuair a bhíonn an t-éileamh an-ard, teipeann na córais orainn. Déan iarracht bhur n-iarratas a dhéanamh i bhfad roimh an spriocdháta le gur féidir linn plean nua a cheapadh ar eagla go mbeadh aon fhabht ann ag an nóiméad deireanach. Ba mhaith linn a chinntiú go bhfaighimid bhur n-iarratas go slán sábháilte ionas gur féidir linn aon stró nach bhfuil gá leis a sheachaint. Beidh na baill dár bhfoireann lánsásta aon cheist a d’fhéadfadh a bheith agaibh faoin dámhachtain a fhreagairt.
Níl mórán daoine ann ar féidir leo a rá nach raibh siad thíos leis an éiginnteacht, leis an mbrón, ná leis an uaigneas i gcaitheamh na bliana seo. Ach níl mórán daoine ann ach an oiread nach féidir leo a rá nach ndeachaigh an tsamhlaíocht, an daonnúlacht agus an cineáltas inbhraite den bhliain seo caite i gcion orthu. Táimid ag tnúth go mór le filleadh an ghnáthshaoil, leis na healaíona ina lár. A bhuí sin le heispéiris ealaíonta de gach sórt, tabharfar le chéile muid ar bhealach an-chumhachtach, agus fanfaidh an scleondar sin linn go dtí ár laethanta deireanacha.
Ag deireadh a saoil, saol a bhí thar a bheith tragóideach agus lán le díomá, ba i muinín leabhar agus dánta a chuaigh príomhphearsa shaothar Mary Costello chun sólás as cuimse a fháil. Ar an gcaoi chéanna, téann muintir na hÉireann i muinín na n-ealaíon agus iad sa tóir ar shólás. Tríd an tsár-obair a dhéanann sibh, cabhróidh sibhle daoine an “inconquerable summer” sin a aimsiú laistigh díobh féin agus is mór an onóir dúinn cabhrú libh an sprioc sin a bhaint amach.

Maureen Kennelly
Stiúrthóir