Is scéim í ilDÁNA a ceapadh chun cur le sceideal TG4 trí thacú le déanamh fadscannán uaillmhianach faisnéise Gaeilge ar na healaíona.
I mbliana, ba mhaith linn suas le dhá fhad scannán shuntasacha faisnéise a mhaoiniú, le buiséad suas le €120,000 an ceann. Is é an rún atá againn ná go dtabharfaidh ceann de na scannáin faisnéise glór faoi leith don ionchuimsitheacht agus don ilchineálacht sna healaíona agus go mbeidh daoine nua agus daoine nach gcloistear go minic uathu páirteach go gníomhach ann.
Fad a fháilteofar roimh iarratais a bhaineann le réimse ealaíne nó cleachtas ealaíne ar bith, ba mhaith linn fáilte ar leith a chur roimh iarratais trína bhfiosrófar foirmeacha ealaíne amhail ailtireacht, amharclannaíocht, ealaín sráide agus foirmeacha eile ealaíne nach minic a gcuirtear faoi chaibidil iad i gcláracha faisnéise ealaíon i nGaeilge.
Ní mór iarratais a dhéanamh chuig TG4 ar an gcóras iarratais ar líne tráth nach déanaí ná 17:00, Dé hAoine an 15 Iúil 2022.
Tuilleadh eolais: https://www.artscouncil.ie/ga/Cisti/ilDaNA/
Ní mór d'iarratasóirí gach oibleagáid reachtúil iomchuí a chomhlíonadh.
Beidh gach conradh ag brath ar Dheimhniú Imréitigh Cánach ó na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar fáil.
Ní mór d'iarratasóirí a thuiscint go bhféadfaí an fhaisnéis a chuirtear ar fáil a nochtadh don phobal faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
Ní ann do chomhaontú nó go mbeidh conradh foirmiúil sínithe thar ceann TG4. Is leis an léiritheoir a bheidh cóipcheart ar an scannán.
Beidh seisiún eolais ar líne ar ilDÁNA á reáchtáil ag TG4 agus ag an Chomhairle Ealaíona ar an Déardaoin, 9 Meitheamh ar 9:30am.
Is féidir clárú don seisiún eolais seo le: claruildana@tg4.ie