Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon agus Arts & Disability Ireland spriocdháta Cheangal na nEalaíon agus an Mhíchumais 2018 a fhógairt, scéim maoinithe d'ealaíontóirí faoi mhíchumas.
Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon agus Arts & Disability Ireland spriocdháta Cheangal na nEalaíon agus an Mhíchumais 2018 a fhógairt, scéim maoinithe d'ealaíontóirí faoi mhíchumas.
Dírítear i gCeangal na nEalaíon agus an Mhíchumais ar ealaíontóirí aonair faoi mhíchumas agus tá dámhachtainí ann i gcomhair Saothar Nua, Meantóireachta agus Oiliúna. Tugann an scéim deis d’ealaíontóirí an méid seo a leanas a dhéanamh: ceangal le cleachtóirí nó le hionaid eile; a gcleachtas a athrú; ‘céim chun tosaigh’ a thógáil ó thaobh scóipe agus scála de; lucht leanúna nua a aimsiú agus dul i mbun meantóireachta nó oiliúna.
Spriocdháta do Cheangal na nEalaíon agus an Mhíchumais: Déardaoin, 26 Aibreán ag 5 pm
Tá foirmeacha iarratais agus treoirlínte do Cheangal na nEalaíon agus an Mhíchumais ar fáil le híoslódáil ó www.adiarts.ie/connect.
Tá Arts & Disability Ireland ag tnúth le cuairt a thabhairt ar Phort Láirge, Sligeach, Inis, Baile Átha Cliath agus Port Laoise chun labhairt le healaíontóirí faoi mhíchumas faoin scéim maoinithe seo.
Clinicí faisnéise:
Dé Máirt, 13 Márta, 2 pm ag Ionad Ealaíon Garter Lane, Port Láirge
Dé Máirt, 20 Márta, 2 pm ag The Model, Sligeach
Déardaoin, 22 Márta, 2 pm ag Glór, Inis
Dé Máirt, 27 Márta, 2 pm ag Project Arts Centre, Baile Átha Cliath
Dé Céadaoin, 11 Aibreán, 2 pm ag Ionad Ealaíon Dhún Másc, Port Laoise
Gabhfaimid trí na treoirlínte agus tríd an bpróiseas iarratais ag na clinicí faisnéise seo, agus freagróimid aon cheist a bheidh ag ealaíontóirí maidir leis an scéim. Seol RSVP roimh ré chuig Amie Lawless: amie@adiarts.ie. Má tá aon riachtanais rochtana agat inis dúinn fúthu le do thoil.
Beidh Teanga Chomharthaíochta na hÉireann, téacs go teanga agus córas na lúibe ar fáil ag an Project Arts Centre Dé Máirt, 27 Márta. Tá rochtain ag cathaoireacha rothaí ar na hionaid ar fad.
Tá Ceangal na nEalaíon agus an Mhíchumais á mhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon agus á bhainistiú ag Arts & Disability Ireland.