Phelim Donlon ómós
Chuir an Chomhairle Ealaíon a brón faoi bhás Phelim Donlon in iúl an mhí seo caite, duine tábhachtach sna healaíona léirithe in Éirinn a raibh an-chion air. Thosaigh Phelim ag obair leis an gComhairle Ealaíon i 1983 agus bhí sé ina Oifigeach Scannán, Drámaíochta agus Ceoldrámaíochta. Chuaigh sé ar scor in 2001 ach lean sé air ag tacú go paiseanta le tallann nua a bhí ag teacht chun cinn, agus é mar chomhalta ar bhoird go leor eagraíochtaí taibh-ealaíon. Sa léiriú ómóis seo, cuimhnímid ar ár gcara agus ar ár gcomhghleacaí Phelim Donlon.
Léigh a thuilleadh >>
An Straitéis Náisiúnta Óige
Tá an chéad chéim de chomhairliúchán i gcomhair na Straitéise Náisiúnta Óige ar bun. Tá an tionscnamh á threorú ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Is mian leis an gComhairle Ealaíon aon eagraíochtaí ealaíon atá ag obair leis an óige a spreagadh chun a n-ionchur i bhforbairt na straitéise a éascú.
Léigh a thuilleadh >>
Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas le Gaillimh ar a sainiú mar Chathair Scannán UNESCO.
Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon comhghairdeas a dhéanamh le Gaillimh ar a sainiú mar Chathair Scannán UNESCO. Tar éis tairiscint faoi threoir Ionad Scannán na Gaillimhe, i gcomhar le Comhairlí Cathrach agus Contae na Gaillimhe, d’fhógair Ard-Stiúrthóir UNESCO ar an 1 Nollaig gur éirigh le Gaillimh stádas Cathair Scannán a bhaint amach.
Léigh a thuilleadh >>
|
|