Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal de chuid na Comhairle Ealaíon – Dámhachtain Sparánachta 2016: Scannánaíocht Chomhoibríoch
 |
1 Samhain 2016: Spriocdháta do Dhámhachtain Sparánachta faoi Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal 2016 Tá sé mar aidhm ag Dámhachtain Sparánachta Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal 2016 de chuid na Comhairle Ealaíon tacú le déantóirí scannán gairmiúla aonair atá ag obair i réimse na scannánaíochta comhoibríche. Cuireann an Chomhairle Ealaíon an dámhachtain sparánachta €10,000 seo ar fáil mar chuid de Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal, atá á bainistiú ag Create, an ghníomhaireacht náisiúnta forbartha i gcomhair na n-ealaíon comhoibríoch, thar ceann na Comhairle Ealaíon. Is é aidhm na Dámhachtana Sparánachta tacú le cleachtas ealaíon gairmiúil agus é a chothú agus tá sé dírithe go sonrach ar dhéantóir scannán ag a bhfuil cuntas teiste de bheith ag obair ar bhonn comhoibríoch le pobail áite nó pobail chomhspéise. Tugann an Dámhachtain Sparánachta €10,000 am agus acmhainní don déantóir scannán roghnaithe taighde a dhéanamh agus machnamh a dhéanamh ar chleachtas. Ar bhonn níos praiticiúla fós, tugann an Sparánacht deis don déantóir scannán machnamh a dhéanamh ar phríomhcheisteanna a bhaineann le scannán a chruthú ag úsáid modhanna comhoibríocha. Táthar ag súil go gcomhroinnfidh an t-iarratasóir rathúil an fhoghlaim a tharlóidh de bharr na Sparánachta leis an bpobal scannánaíochta agus leis an earnáil ealaíon comhoibríoch níos leithne. Oibreoidh Create i gcomhpháirtíocht le Filmbase chun seisiúin eolais a thabhairt agus ar an bpróiseas roghnúcháin. Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh i dteagmháil le
Katherine Atkinson Tacaíocht Tionscadail Forbairt Ghairmiúil Ríomhphost: support@create-ireland.ie Spriocdháta: 14 Samhain, 5pm Suíomh gréasáin: http://www.create-ireland.ie/bursary-award/bursary-award-2016-collaborative-film
 |
|