Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon spriocdháta i gcomhair na Gairme Oscailte 2017
 |
Gairmeacha Oscailte Trí na Gairmeacha Oscailte seo is mian leis an gComhairle Ealaíon tacú le saothar uaillmhianach, comhoibritheach agus turgnamhach i raon suíomhanna. Spriocdháta | 17:30, Déardaoin, an 20 Aibreán 2017 | Uasmhéid na dámhachtana | 350,000 | Foirm agus cleachta(i)s ealaíne | Ailtireacht, Rannpháirtíocht sna healaíona, Sorcas, Damhsa, Féilte agus imeachtaí, Scannán, Litríocht, na hEalaíona áitiúla, Ceol, Ceoldrámaí, Sráidealaíona, Téatar, na hEalaíona traidisiúnta, Ionaid Tionóil, na Físealaíona, Daoine óga, leanaí agus oideachas | Cineál iarratasóra | Gach cineál | Iarratas comhoibritheach indéanta? | Tá |
D’fhéadfadh na tionscadail a bheartaítear mar fhreagairt don Ghairm Oscailte a bheith i bhfoirm ealaíne ar bith, i réimse cleachtais ealaíon ar bith nó d’fhéadfaidís a bheith trasdisciplíneach. An próiseas iarratais Soláthrófar sonraí iomlána an phróisis iarratais i dtreoirlínte na scéime. Treoirlínte Tá an dámhachtain oscailte do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí ar cónaitheoirí de chuid (Phoblacht) na hÉireann iad. Bíonn cásanna eisceachtúla ann nuair a ghlacann an Chomhairle Ealaíon le hiarratais incháilithe ó dhaoine nach cónaitheoirí de chuid (Phoblacht) na hÉireann iad. Sula n-admhódh an Chomhairle Ealaíon go bhfuil iarratas den sórt sin incháilithe, áfach, bheadh ar an gComhairle a bheith sásta go gcuirfeadh torthaí togra den sórt sin le healaíona (Phoblacht) na hÉireann. Ní mór do thograí a fhaightear ó eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú ón gComhairle Ealaíon faoi Eagraíochtaí a Mhaoinítear go Rialta, faoi dheontais le haghaidh Clár Bliantúil, nó faoi dheontais le haghaidh Maoiniú Bliantúil fianaise a sholáthar gur tionscadal eisceachtúil atá i gceist agus go bhfuil sé taobh amuigh de shainchúram a ngníomhaíochtaí maoinithe.
 |
|