Osclaíonn Ciste Gníomhaíochta Cláir DÓLO an 1 Samhain 2016
 |
Cuirfear tús leis an tréimhse inar féidir iarratais a chur isteach ar an gCiste Gníomhaíochta Cláir 2017 do Dhaoine Óga, Leanaí agus Oideachas (DÓLO) Dé Máirt, an 1 Samhain 2016.
Is é cuspóir an Chiste Gníomhaíochta Cláir cabhrú le heagraíochtaí cleachta cláir ealaíne ar ardchaighdeán a chur ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga, cláir ealaíne ar ardchaighdeán de chuid leanaí agus daoine óga féin a chur ar fáil nó cláir ealaíne ar ardchaighdeán a chur ar fáil in éineacht le leanaí agus daoine óga ach iad a bheith ag teacht le beartas agus le tosaíochtaí straitéiseacha na Comhairle Ealaíon maidir le Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas (DÓLO). Ní mór cláir a dhearadh agus a phleanáil ar bhealach a chinnteoidh go bhfaighidh gach sprioc-aoisghrúpa taithí ealaíne ar ardchaighdeán. Is ciste iomaíoch atá i gceist agus bronntar dámhachtainí ar bhonn aonuaire. Ní bhronnfar iad den dara huair.
Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh i dteagmháil le eimear.harte@artscouncil.ie
Cuirfear tús leis an tréimhse inar féidir iarratais a chur isteach Dé Máirt, an 1 Samhain 2016.
Is é an dáta deiridh chun iarratais chomhlánaithe a fháil 5:30pm Déardaoin, an 1 Nollaig 2016.
 |
|