Tá New Voices of Ireland 2017, Sraith 5, á chur i láthair ag an Centre for Creative Practice, ag cur fáilte roimh aighneachtaí ó ealaíontóirí imirceacha, turgnamhacha agus atá ag teacht chun cinn i ngach cineál disciplín faoin téama: “Imirce – Ó Ualaí go Deiseanna”, spriocdháta: 24 Feabhra 2017.
Tá baint mhór ag an téama leis an téama IMIRCE toisc go mbeifear ag súil go mbeidh “imirce agus comhtháthú ar na saincheisteanna polaitiúla is mó a mbeidh trácht orthu san Eoraip in 2016-2017.”
Tá AN TSRAITH NEW VOICES OF IRELAND 2017, atá á maoiniú ag an gComhairle Ealaíon, ag iarraidh dúshlán a thabhairt do bholscaireacht náisiúntachta agus sheineafóibeach trí neamhréasúnachtaí agus teorainneacha ár n-eagla a iniúchadh agus a nochtadh. Mar leigheas air sin, tá siad ag iarraidh díriú ar dheiseanna a bhfuil dúshlán den sórt sin ag baint leo, cosúil leis an imirce.
Déan iarratas ina mbeidh ráiteas gearr (dhá leathanach ar a mhéid) ag tabhairt breac-chuntas den chur chuige is dóigh leatsa a bheadh éifeachtach agus cruthaitheach i dtaca leis an téama roghnaithe agus an cineál tionscadail ba mhaith leatsa a mholadh. Ceangail do bheathaisnéis ealaíonta freisin agus ábhair thacaíochta eile má tá siad ar fáil.
Próifíl na n-ealaíontóirí a fuair cuireadh chun a gcuid tograí a chur isteach: imircigh, ealaíontóirí turgnamhacha, atá ag teacht chun cinn, ag athrú a ndálaí maireachtála agus an comhshaol – ag filleadh ar Éirinn tar éis a bheith ar imirce, ag bogadh ó limistéar tuaithe go limistéar uirbeach, etc.
Luach saothair: Gheobhaidh gach ealaíontóir a roghnófar táille €800.00 as bheith rannpháirteach sa tionscadal. Beidh rannpháirtíocht iomlán sna ceardlanna, sa seisiún comhairliúcháin agus sa seó deiridh éigeantach. Beidh maoiniú éigin ar fáil i dtreo chostais na n-ábhar agus iompair.
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig: www.cfcp.ie nó www.artconnected.ie Fiosruithe: déan teagmháil le monika@cfcp.ie nó glaoigh ar 086-6084020