Fáilte go heagrán mhí Iúil dár nuachtlitir
 |
Agus féilte ar bun fud fad na tíre, is gnáth go mbíonn earnáil na n-ealaíon an-ghnóthach sa samhradh. I mbailte beaga agus i gcathracha móra, bíonn na sráideanna dubh le daoine ag baint suilt as scoth na n-ealaíon, agus is amhlaidh go mbeidh an Chomhairle Ealaíon gnóthach i mbliana freisin agus an straitéis nua á hullmhú againn. Is cúis mhór áthais dom a fhógairt go mbeidh straitéis nua 10 mbliana á foilsiú againn i mí Mheán Fómhair, agus cuirfimid chun feidhme í ón 1 Eanáir 2016 ar aghaidh. Straitéis uileghabhálach i gcomhair na tréimhse 2016 go 2025 atá i gceist, ina mbeidh plean aon bhliana amháin a chuirfear tús leis in Eanáir 2016, agus sraith pleananna trí bliana ina dhiaidh sin. Is iomaí ealaíontóir a fhaigheann a n-eagraíochtaí maoiniú uainn a bhfuil ceisteanna acu cheana féin maidir leis na himpleachtaí praiticiúla dá n-iarratais agus dá gcláir don bhliain seo chugainn. Maidir le heagraíochtaí a fhaigheann maoiniú trí na trí phríomhchlár deontais -- RPO, AP agus APG -- féadfar iarratais a chur isteach ó Mheán Fómhair amach, mar is gnáth, ach beidh ‘bliain mhaoinithe naoi mí’ i gceist, agus tabharfar maoiniú do chláir ó Aibreán 2016 go Nollaig 2016. Agus an straitéis 10 mbliana díreach tar éis a bheith foilsithe, ní bheifear ag súil leis go mbeidh impleachtaí na straitéise curtha san áireamh ina n-iomláine i bpleananna na n-eagraíochtaí don bhliain 2016, ach beidh tionchar aici ar straitéis infheistíochta fhoriomlán na Comhairle agus ar a cuid tosaíochtaí straitéiseacha le haghaidh 2016. Sna seachtainí tar éis fhoilsiú na straitéise, rachfar i mbun pléití leis na páirtithe leasmhara san fhómhar. Díreofar ar shaincheisteanna agus beartais is cúram do chách, chomh maith le foirmeacha ealaíne ar leith. Mar sin, beidh an deis againne agus ag na páirtithe leasmhara plé a dhéanamh maidir le himpleachtaí mionsonraithe na straitéise i leith gach foirme ealaíne agus gach réimse cleachtais ealaíon, agus beidh tionchar aige sin ar an gcéad cheann de na pleananna trí bliana. Beidh tuilleadh sonraí agam maidir leis an bplé i nuachtlitreacha Mheán Fómhair agus Dheireadh Fómhair. Idir sin agus seo, bainigí spraoi as an samhradh! Le dea-mhéin,

Orlaith McBride
 |
|