Cónaitheachtaí DÓLO
Tá an scéim Chónaitheachtaí DÓLO oscailte d'institiúidí Ardoideachais a chuireann Oiliúint Tosaigh Múinteoirí agus/nó cúrsa a leanann ar aghaidh chuig céim leibhéal 7 nó 8 san oideachas nó i gcúram luath-óige ar fáil. Caithfidh institiúidí óstacha iarratas a dhéanamh i gcomhpháirtíocht le healaíontóir nó le heagraíocht ealaíon.
Beifear ag glacadh le hiarratais ón 8 Márta agus is é Déardaoin 7 Aibreán ar 5:30 i.n. an spriocdháta. Beidh seisiún faisnéise agus imeacht líonraithe ar siúl Dé Céadaoin, an 9 Márta.
Léigh a thuilleadh >>
Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal Spriocdhátaí do 2022
Cuireann Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal (AIC) de chuid na Comhairle Ealaíon, arna bhainistiú ag Create, dámhachtainí ar fáil chun go mbeidh ealaíontóirí agus pobail áite agus/nó suime in ann oibriú le chéile ar thionscadail. Tá Babhta 1 den scéim AIC oscailte anois d’iarratais.
Léigh a thuilleadh >>
Spriocdhátaí Scéim Cheangal na nEalaíon agus an Mhíchumais 2022
Tá Scéim Cheangal na nEalaíon agus an Mhíchumais na Comhairle Ealaíon, arna bhainistiú ag Arts & Disability Ireland, deartha chun tacú le healaíontóirí le míchumais le bheith uaillmhianach, lena gcleachtas a fhorbairt agus chun nascadh le heagraíochtaí ealaíon agus le gairmithe ealaíon in Éirinn.
Léigh a thuilleadh >>
|
|