CUR I LÁTHAIR AGUS CEISTEANNA & FREAGRAÍ – Taighde ar Mheon an Phobail
Tá dara babhta taighde déanta ag an ngnólacht tacaíochta margaíochta Behaviour and Attitudes thar ceann na Comhairle Ealaíon chun dearcadh an phobail a fhiosrú maidir le freastal ar imeachtaí beo agus bearta maolaithe. Cumhdaíodh rannpháirtíocht i ngníomhaíocht ealaíon sa taighde freisin agus tuairimí maidir le bheith ag íoc as na healaíona ar líne.
Is pointe foghlama tábhachtach atá sa taighde seo don earnáil maidir le dearcadh agus iompraíocht an phobail i dtaobh na n-ealaíon le linn COVID-19.
Léigh a thuilleadh >>
Aosdána
Tá comhalta nua tofa ag Aosdána, an mheitheal ealaíontóirí cruthaitheacha in Éirinn. Is é an cóiréagrafaí John Scott an comhalta nuathofa. Bhí triúr iarrthóirí ar comhscór don áit deiridh ag an gcéad chomhaireamh bailéad a rinneadh ar an 13 Deireadh Fómhair.
Léigh a thuilleadh >>
Guth na hóige - déan do dhea-chleachtas a roinnt
Iarrann an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige agus Hub na nÓg ar eagraíochtaí ealaíon samplaí dea-chleachtais a roinnt maidir le ról a thabhairt do dhaoine óga sa chinnteoireacht, ach páirt a ghlacadh i suirbhé.
Léigh a thuilleadh >>
Nollaig Casey ceaptha mar Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe 2021 i gColáiste na hOllscoile Corcaigh
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon, i gcomhar le Coláiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta (UCC), agus leis an Scoil Scannánaíochta, Ceoil agus Amharclannaíochta (UCC), ceapachán Nollaig Casey, taibheoir agus cumadóir a bhfuil cáil idirnáisiúnta uirthi, mar Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe i gColáiste na hOllscoile Corcaigh in 2021. Cuirfidh Casey sraith ceolchoirmeacha, ceardlann agus ranganna i láthair i rith a cónaitheachta bliana, ag tosú i mí Eanáir 2021.
Léigh a thuilleadh >>
Nuachtlitir RAISE
Tá eagrán an fhómhair de Nuachtlitir RAISE ar fáil anois ar an nasc seo chuig suíomh Gréasáin na Comhairle Ealaíon. Tá sé lán de nuacht faoi mhacasamhlú rathúil RAISE ar mhúnla seachadta ar líne agus digiteach agus na hiarrachtaí urghnácha a dhéanann eagraíochtaí ealaíon chun ábhar agus straitéisí digiteacha iontacha ar líne a chruthú chomh maith le hairgead a dhéanamh de na tionscnaimh chruthaitheacha iomadúla seo. Guíonn Nollaig RAISE Nollaig shláintiúil, shona agus shábháilte ar gach duine.
Léigh a thuilleadh >>
|
|