Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe
Dáta Deireanach le haghaidh Iarratas: 29 Iúil 2016 Scoil: An Scoil Ceoil agus Amharclannaíochta Conradh: Téarma Seasta Páirtaimseartha.
01 Deireadh Fómhair 2016 - 30 Meán Fómhair 2017
Táthar ag lorg iarratas ó shárealaíontóirí clúiteacha (ceoltóirí, amhránaithe, rinceoirí) a bhfuil an-teist orthu don fholúntas thuasluaite arna chomh-mhaoiniú ag Coláiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta (COC) agus ag an gComhairle Ealaíon. Ó Dheireadh Fómhair 2016 go dtí Meán Fómhair 2017 an tréimhse atá i gceist.
Beidh an té a cheapfar mar chomhairleoir agus mar mheantóir d’ealaíontóirí traidisiúnta nua i bpobal COC agus cuirfidh sé/sí sé huaire a' chloig teagmhála ar fáil gach seachtain le ceardlanna, seimeanáir agus seisiúin chomhairleoireachta i rith théarmaí na hollscoile. Seinnfidh an té a cheapfar ag dhá cheolchoirm phoiblí agus beidh baint aige/aici le comhthionscadal idir an fhoireann agus na mic léinn a chuirfidh ábhar ealaíonta bunaidh os comhair an tsaoil mhóir. I rith laethanta saoire na hollscoile beidh an té a cheapfar in ann a c(h)uid tionscadal féin a chur i gcrích gan aon chur isteach.
Conas iarratas a dhéanamh:
Ba cheart iarratais a sheoladh mar cheangaltán le ríomhphost roimh an 29 Iúil 2016. Iarrtar ar iarrthóirí litir iarratais maille le C.V. a chur isteach in a bhfuil sonraí a bhaineann le hábhar, mar shampla ceolchoirmeacha, foilseacháin (CDanna, DVDanna, srl. san áireamh) agus gradaim go dtí an Mary Mitchell-Ingoldsby, An Scoil Ceoil agus Amharclannaíochta, COC nó mmitchell@music.ucc.ie.
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Mary Mitchell-Ingoldsby má tá tuilleadh eolais uait ar shonraí, ar chúrsaí airgeadais nó má theastaíonn uait fiosrúcháin neamhfhoirmiúla a dhéanamh.