Cuirfear tús leis an tréimhse inar féidir iarratais a chur isteach don chéad bhabhta eile de na Scéimeanna Damhsa agus Amharclannaíochta an 13 Márta. Is é an spriocdháta do na scéimeanna nua 5.30 p.m. Déardaoin, 12 Aibreán 2018. Glacfar le hiarratais ar shuíomh Gréasáin na Seirbhísí ar Líne de chuid na Comhairle Ealaíon.
Airítear ar na scéimeanna:
Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Damhsa – Is é cuspóir na scéime seo ná cobhsú a dhéanamh ar líonra ealaíontóirí cónaitheacha damhsa ar fud na tíre agus tacú leo.
Is iad seo aidhmeanna na scéime:
- damhsa gairmiúil agus damhsa sa phobal a chobhsú in áiteanna éagsúla ar fud na réigiún;
- deiseanna a sholáthar d’ealaíontóirí damhsa ar fud na tíre páirt a ghlacadh i gclár oibre ealaíonta a bheidh ábhartha ó thaobh a gcleachtas féin;
- deiseanna a sholáthar d’údaráis áitiúla agus d’ionaid cleachtas damhsa a fhorbairt ina gceantair féin;
- forbairt pleanála fadtéarmaí agus inbhuanaitheacht gníomhaíochtaí neamhspleácha damhsa a spreagadh.
Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Amharclannaíochta – Is é cuspóir na scéime seo ná deis a thabhairt d’ealaíontóirí amharclannaíochta clár oibre bliana a chruthú i gcomhpháirt le hionaid agus le húdaráis áitiúla. Déanfaidh an t-ealaíontóir amharclannaíochta gach a bhfuil i gceist go sonrach leis an gclár oibre a dhearadh i gcomhar leis an údarás áitiúil agus/nó leis an ionad.
Is iad seo aidhmeanna na scéime:
- deiseanna a chur ar fáil d’ealaíontóirí amharclannaíochta ar fud na tíre chun páirt a ghlacadh i gclár oibre ealaíonta a bheidh ábhartha ó thaobh a gcleachtais féin;
- deiseanna a chur ar fáil d’ionaid agus d’údaráis áitiúla chun cleachtas amharclannaíochta agus rannpháirtíocht an phobail a fhorbairt ina gceantar;
- forbairt pleanála fadtéarmaí agus inbhuanaitheacht gníomhaíochtaí neamhspleácha amharclannaíochta a spreagadh;
- cur chuige comhordaithe a spreagadh idir na príomhsholáthraithe ealaíon ag leibhéal áitiúil agus réigiúnach.
Is éard is aidhm leis an Scéim um Acmhainní Amharclannaíochta agus Forbairt ar an Amharclannaíocht bonneagar comhoibríoch a fhorbairt lena gcuirtear dea-chleachtas chun cinn i dtaca le saothar agus cleachtas ealaíontóirí amharclannaíochta a fhorbairt, a léiriú agus a scaipeadh ar fud na hÉireann.
Ceapadh an scéim seo chun dul chun leasa ealaíontóirí gairmiúla amharclannaíochta ag saothrú i ngach seánra amharclannaíochta a bhfuil cuntas teiste léirithe acu sa chleachtas amharclannaíochta gairmiúil agus atá tiomanta dó sin. D’fhéadfadh sé go gcuirfeadh iarratasóirí na hacmhainní agus an tacaíocht chomhchineáil seo a leanas ar fáil i gcomhar le heagraíochtaí amharclannaíochta maoinithe:
- Acmhainní riaracháin agus bainistíochta chun cabhrú le healaíontóirí gairmiúla amharclannaíochta chun a gcleachtas a fhorbairt
- Acmhainní riaracháin agus bainistíochta chun cabhrú le healaíontóirí gairmiúla amharclannaíochta chun saothar a fhorbairt, a léiriú agus a scaipeadh i gcomhréir le caighdeáin an tionscail
- Tacaíocht agus comhairle ó chomhairleoir amharclainne ag a bhfuil saineolas
- Cúnamh agus acmhainní i dtaca leis an saothar a riaradh, a bhainistiú agus a chur chun cinn
- Cúnamh agus acmhainní i dtaca le straitéis don rannpháirtíocht phobail a chruthú, ina luaitear cuspóirí soiléire agus torthaí intomhaiste
- Saineolas ar phleanáil straitéiseach agus ar inbhuanaitheacht i gcomhthéacs na hamharclannaíochta gairmiúla
- Cúnamh i gcomhair tionscadail chomhoibríocha, idir eagraíochtaí nó ardáin amharclannaíochta a mhaoinítear, agus ealaíontóirí gairmiúla amharclannaíochta, amhail:
- Comhléiriú agus scaipeadh saothair
- Tionscnaimh lena gcumasaítear eagraíochtaí comhpháirtíochta comhiarratais a dhéanamh ar mhaoiniú ó chomhlachtaí eile seachas an Chomhairle Ealaíon
- Gníomhaíochtaí lena gcuirtear dea-chleachtas chun cinn i réimsí éagsúla amhail forbairt lucht féachana/éisteachta, urraíocht agus tiomsú airgid.
Tá treoirlínte maidir le gach scéim foilsithe sa chuid maoinliúatá ar fáil dár suíomh gréasáin.