Thosaigh an Chomhairle Ealaíon ar thaighde a dhéanamh do chlár nua na n-áiteanna cruthaitheacha a thosófar in 2018. Beidh níos mó pobal in ann eispéiris ealaíne a roghnú agus a chruthú sna háiteanna ina bhfuil siad ina gcónaí agus páirt a ghlacadh sna heispéiris freisin mar gheall ar an gclár.
Ceaptar go gcuirfear an clár chun cinn in áiteanna nach mbíonn an deis ag daoine dul i mbun gníomhaíochtaí cruthaitheacha. Tugtar gealltanas leis an bplean 3 bliana go bhforbrófar clár comhpháirtíochta agus go ndéanfar infheistíocht ann le go mbeidh pobail agus ceantair áirithe in ann tairbhe a bhaint as rannpháirtíocht fhadtéarmach sna healaíona agus go ndéanfar tionchar na hinfheistíochta seo a thomhas le himeacht ama. Ceapadh Kath Gorman chun an taighde a dhéanamh lena mbreathnófar ar chláir náisiúnta agus idirnáisiúnta den chineál céanna agus lena bhfaighfear eolas ó shampla den phobal áitiúil agus de sholáthraithe seirbhíse sóisialta agus cultúrtha.
Mar chuid den taighde seo, reáchtálfar dhá ghrúpa fócais i mí Mheán Fómhair agus iarrfar ar dhaoine a bhfuil saineolas ar leith acu ar na healaíona áitiúla agus ar an bhforbairt shóisialta agus pobail páirt a ghlacadh iontu chun a gcuid tuairimí ar an gclár a roinnt sula bhforbrófar ina iomláine é. Beidh scéal áite cruthaithí a bhaineann leis na ceantair éagsúla mar chuid de gach cruinniú.
Dé Máirt an 26 Meán Fómhair, 11am go dtí 1pm, Ionad Pobail Bhaile Formaid, Baile Átha Cliath
Déardaoin an 28 Meán Fómhair, 2pm go dtí 4pm, Ionad Paróiste na hEasca, Ceatharlach
Má cheapann tú go bhféadfá saineolas nó tuiscint ar leith a chur ar fáil nó más mian leat páirt a ghlacadh i gceann de na grúpaí fócais seo, cuir rphost chuig Kath Gorman ag creativeplacesresearch@gmail.com chun do spéis a léiriú.
Tá an tionscadal seo á eagrú ag Foireann na nEalaíon Áitiúil, cuir rphost chuig sinead.oreilly@artscouncil.ie chun tuilleadh eolais a fháil nó glaoigh ar 01 6180249.