Múnlaí Nua Gnó i bhFeidhm: Buanseasmhacht agus Inbhuanaitheacht a thógáil do na hEarnálacha Cultúrtha agus Cruthaitheacha
 |
Bíonn sé ríthábhachtach muinín agus inbhuanaitheacht airgeadais a thógáil do na hearnálacha ealaíon agus cultúrtha le cinntiú go mairfidh siad go fadtéarmach, go háirithe sa lá atá inniu ann ina n-athraíonn cúrsaí maoinithe go minic agus nach mbaineann aon chinnteacht leis an maoiniú sin. Conas is féidir le heagraíochtaí cultúrtha a seasamh airgeadais a fheabhsú gan dochar a dhéanamh dá sláine ealaíne agus dá luachanna?
Is tosaíocht é de chuid an chláir, an Eoraip Chruthaitheach an earnáil chultúrtha a spreagadh le múnlaí nua gnó a fhorbairt. Tá Deasca na hEorpa Cruthaithí ó Éirinn agus ó Thuaisceart Éireann ag oibriú le chéile chun Múnlaí Nua Gnó i bhFeidhm a sheachadadh chun cabhrú leis an earnáil ealaíon agus cultúir tuiscint níos fearr a fháil ar mhúnlaí gnó.
Cloisfimid ó eagraíochtaí ealaíon agus cultúir a ghlacann le cleachtais nuálaíochta le cinntiú go bhfásfaidh a ngnóthaí agus go mbeidh siad rathúil. Beidh deis ag daoine a fhreastalaíonn ar an imeacht seo líonrú lena gcomhpháirtithe ón Tuaisceart agus ón Deisceart agus ó thíortha éagsúla ar fud na hEorpa.
Labhróidh ár bpríomhchainteoir, Sandy Fitzgerald, faoi Creative Lenses, tionscadal atá maoinithe ag Eoraip Chruthaitheach agus a chuidíonn le heagraíochtaí cultúir a múnlaí gnó a fheabhsú agus cumais straitéiseacha fhadtéarmacha a fhorbairt.
- Príomhchainteoir: Sandy Fitzgerald ó Olivearte a chuirfidh tionscadal Creative Lenses i láthair.
- Beidh láithreoireachtaí gairide agus cruinnithe comhchéime ar siúl ina dhiaidh sin.
- Tá an t-imeacht saor in aisce, ach ní mór duit clárú ar Eventbrite ós rud é go mbeidh líon na n-áiteanna teoranta.
 |
|