Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon an chéad cheann de dhá bhabhta de Scéim Infheistíochta na bhFéilte (FIS) le haghaidh féilte a bheidh ar siúl idir Eanáir agus Meitheamh 2022.
Is é ról na Comhairle Ealaíon tacú le féilte ilghnéitheacha agus éagsúla agus chun slabhra tacaíochtaí maoinithe a chur ar fáil a spreagann: samhailtí a bhfuil suntasacht náisiúnta agus idirnáisiúnta leo agus an cleachtas is fearr, samhailtí a mhéadaíonn deiseanna do rannpháirtíocht an phobail nó a fhorbraíonn saothar ealaíontóra/foirm ealaíne, cláir féile atá ag obair leis an bpobal áitiúil, agus ábhartha dó.
Is é cuspóir Scéim Infheistíochta na bhFéilte an tacaíocht chuí a thabhairt d'fhéilte le go mbeidh siad in ann eispéiris ealaíon den scoth a chur ar fáil do lucht féachana, cur le forbairt na gcleachtas foirme ealaíne, dul i bhfeidhm ar an lucht féachana ar bhealach cruthaitheach agus samhlaíoch, agus deiseanna um rannpháirtíocht an phobail a mhéadú trí himeachtaí a bhféilte. Tá an Scéim ar oscailt d’fhéilte ildisciplíneacha agus d’fhéilte foirm ealaíne aonair.
Tabhair faoi deara
- NACH dtabharfar tosaíocht ó thaobh maoinithe de d’imeachtaí nasctha, amhail ceolchoirmeacha rathúla nó imeachtaí litríochta míosúla.
- Gur cheart do gach iarratas plean teagmhais Covid a ullmhú agus gur cheart a chinntiú go bhfuil sé bunaithe ar an treoir sláinte poiblí is déanaí atá ar fáil agus d’iarratas á ullmhú
- Go bhfuil sé riachtanach pleananna teagmhasacha i dtaobh ullmhú féile an iarratasóra a chur ar fáil le gach iarratas.
Tá trí bhanda maoinithe ar fáil:
- Banda A: Suas le €7,000
- Banda B: Idir €7,001 agus €20,000
- Banda C Idir €20,001 agus €35,000
Is féidir le heagraíochtaí a chuireann féilte a bhfuil aidhm ealaíonta ar leith acu chun cinn agus a bheidh ar siúl idir Eanáir agus Meitheamh 2022 cur isteach ar Bhabhta 1 de Scéim Infheistíochta na bhFéilte.
Iarratais á ghlacadh ó: 22 Meitheamh 2021
Spriocdháta d’iarratais: 22 Iúil 2021 ag 5.30pm
Is scéim iomaíoch í Scéim Infheistíochta na bhFéilte a thugann tacaíocht mhaoinithe chun féilte a reáchtáil ar bhonn neamh-athfhillteach.
Ní mór gach iarratas a dhéanamh trí shuíomh Sheirbhísí ar Líne na Comhairle Ealaíon anseo.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar an Rannán Ceisteanna Coitianta FIS anseonó déan teagmháil le foireann na bhféilte sa Chomhairle Ealaíon:
Regina O’Shea: regina.oshea@artscouncil.ie, 01 6180260
Adrian Colwell: adrian.colwell@artscouncil.ie, 01 6180284