NEST 2019
Cuireann Féile Ealaíon Sráide Idirnáisiúnta Spraoi i gcomhar le Irish Street Arts, Circus and Spectacle Network (ISACS) fáilte roimh iarratais le haghaidh chlár N.E.S.T. na bliana seo. Bunaíodh N.E.S.T. chun cabhrú le healaíontóirí sráide feabhas a chur ar obair atá ar siúl acu cheana féin trí mheantóireacht agus taispeántas le linn na Féile Spraoi. Cruthaíonn N.E.S.T. creataí tacúla d'ealaíontóirí rannpháirteacha, rochtain ar stiúrthóirí féilte idirnáisiúnta agus deiseanna freastal ar chónaitheachtaí i dtíortha eile. Chun páirt a ghlacadh i N.E.S.T. 2019 tugann Spraoi agus ISACS cuireadh d’ealaíontóirí léiriú spéise a chur isteach. Tá tuilleadh sonraí maidir le hiarratas a dhéanamh ar fáil anseo. Cothóidh clár na bliana seo ealaíontóirí sráide le saothar atá idir lámha acu atá dírithe ar dhamhsa NÓ damhsóirí le saothar atá idir lámha acu agus fonn orthu í a chur i láthair i suíomhanna sráide. Seol iarratais chuig info@isacs.ie faoi Dé Máirt an 6 Bealtaine.
|