Cuireadh chun tairisceana le haghaidh seirbhísí comhairliúcháin éascaithe agus léargais
Ba mhaith leis an gComhairle Ealaíon seirbhísí comhairliúcháin éascaithe agus léargais a sholáthar chun tacú leis an bhforbairt ar ár bplean nua trí bliana (2023–2025) idir mí Feabhra 2022 agus mí Dheireadh Fómhair 2022 le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha. Seachadfar na seirbhísí thar ceithre chéim. An toradh is mó a gheofar ón gconradh is ea léargais a aithint agus fianaise a ullmhú don Chomhairle Ealaíon chun tacú le hullmhú an phlean nua trí bliana. Ní mór do gach seirbhís a sheachadtar a bheith i gcomhréir le comhairle sláinte poiblí an Rialtais agus prótacail sábháilteachta COVID-19.
Is é an spriocdháta i gcomhair tairiscintí an 14 Eanáir 2022.
Tá fógra conartha agus cáipéisí tairisceana ar fáil ar an suíomh gréasáin eTenders.
|