San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Eanáir dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Ceapacháin: Scríbhneoir Cónaithe/Comhaltacht le haghaidh 2022
Cuireadh chun tairisceana le haghaidh seirbhísí comhairliúcháin éascaithe agus léargais
Maoiniú Sorcais, Ealaín Sráide agus Seónna i gcomhair 2022 Athbhreithniú 2022 ar Chlár Maoinithe agus Clinic Dhámhachtain Sparánachta - Déardaoin 20 Eanáir ar líne - ag 11am
Glao Oscailte ar Léiriú Spéise
Iontráil Nuachtlitir Mhí Eanáir 2022
Deontais agus Dámhachtainí
Seoladh Clár Cónaitheachta na Comhairle Ealaíon - Scéim um Thionscnaimh Chónaitheachta Idirnáisiúnta
Dámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis, an chéad spriocdháta eile – 5.30 p.m., Déardaoin, an 17 Feabhra 2022
Fógra maidir le Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Damhsa 2022
Dámhachtain na Cuntaoise Constance de Markievicz
Nuacht ón bPobal
Deacrachtaí Teanga á Sárú + Uirlisí Rannpháirtíochta
AN PODCHRAOLADH THE SHAKING BOG Clár 6: GEIMHREADH 2 - Podchraoladh na Féil
Scoileanna Ildánacha
Scoileanna Ildánacha 2022
Scoileanna Ildánacha 2022

Scoileanna Ildánacha 2022

Is díol ríméid do Scoileanna Ildánacha deis iontach a fhógairt do scoileanna/ionaid iarratas a dhéanamh le bheith rannpháirteach sa tionscnamh. Féadfaidh scoileanna/ionaid iarratas a chur isteach ón 29 Márta ar aghaidh agus is é an spriocdháta ná 17:30, Déardaoin 2 Meitheamh 2022. 

Beidh tuilleadh sonraí ar fáil ar líne san Earrach.

 

Breac Síos an Dáta do Sheachtain Scoileanna Ildánacha 9 – 13 Bealtaine 2022

 

Reáchtálfar an tSeachtain Scoileanna Ildánacha idir 9 – 13 Bealtaine 2022. Tugann an ceiliúradh náisiúnta bliantúil cuireadh do scoileanna iniúchadh agus taitneamh a bhaint as na healaíona agus as an gcruthaitheacht. Tacaíonn tionscnamh na Scoileanna Ildánacha le scoileanna/le hionaid leis na healaíona agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár shaol na leanaí agus na ndaoine óga. Tá rannpháirtíocht i Seachtain Scoileanna Ildánacha oscailte do bhunscoileanna, iarbhunscoileanna agus Ógtheagmháil araon. Is féidir le scoileanna ráiteas spéise a chlárú trí ríomhphost a sheoladh chuig Foireann na Scoileanna Ildánacha ag: creativeschools@artscouncil.ie