Scoileanna Ildánacha 2022
 |
Scoileanna Ildánacha 2022
Is díol ríméid do Scoileanna Ildánacha deis iontach a fhógairt do scoileanna/ionaid iarratas a dhéanamh le bheith rannpháirteach sa tionscnamh. Féadfaidh scoileanna/ionaid iarratas a chur isteach ón 29 Márta ar aghaidh agus is é an spriocdháta ná 17:30, Déardaoin 2 Meitheamh 2022.
Beidh tuilleadh sonraí ar fáil ar líne san Earrach.
Breac Síos an Dáta do Sheachtain Scoileanna Ildánacha 9 – 13 Bealtaine 2022
Reáchtálfar an tSeachtain Scoileanna Ildánacha idir 9 – 13 Bealtaine 2022. Tugann an ceiliúradh náisiúnta bliantúil cuireadh do scoileanna iniúchadh agus taitneamh a bhaint as na healaíona agus as an gcruthaitheacht. Tacaíonn tionscnamh na Scoileanna Ildánacha le scoileanna/le hionaid leis na healaíona agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár shaol na leanaí agus na ndaoine óga. Tá rannpháirtíocht i Seachtain Scoileanna Ildánacha oscailte do bhunscoileanna, iarbhunscoileanna agus Ógtheagmháil araon. Is féidir le scoileanna ráiteas spéise a chlárú trí ríomhphost a sheoladh chuig Foireann na Scoileanna Ildánacha ag: creativeschools@artscouncil.ie
 |
|