Arna cheapadh d’fhéilte ar scála beag go meánscála, beidh dhá fhóram plé ar líne á bhforbairt ag an gComhairle Ealaíon ina dtabharfaidh siad deis chun eolas a roinnt agus plé a dhéanamh ar fhiúntais, dúshláin, deiseanna agus srianta roimh fhéile agus clár á bpleanáil acu do spásanna poiblí athchumraithe agus comhroinnt ealaíon ar líne a fhiosrú. Cé na réitigh chruthaitheacha atá ann d’fhéilte chun an chaoi a dtéann an pobal i ngleic leis na healaíona a athshamhlú?
Faoi Chathaoirleacht Ruth McGowan; Stiúrthóir Féile ar Fhéile Imeallach Bhaile Átha Cliath.
Á mhodhnú ag an Dr David Teevan; Comhairleoir Féilte don Chomhairle Ealaíon.
D’fhonn a chinntiú go bhfaigheann gach freastalaí deis cur le gach seisiún, ní bheidh spás ach do 25 rannpháirtí. Leithdháilfear spásanna do dhaoine de réir mar a thagann siad chugainn agus tá siad teoranta d’ionadaí féile amháin i ngach cruinniú.
Ná cláraigh ach le haghaidh ceann den dá sheisiún trí naisc Eventbrite thíos.
Dé Céadaoin, 24 Meitheamh (15:00-16:30) - https://www.eventbrite.ie/e/live-and-digital-festival-making-in-the-face-of-covid-19-session-1-tickets-105939341422
Dé Sathairn, 27 Meitheamh (11:00-12:30) - https://www.eventbrite.ie/e/live-and-digital-festival-making-in-the-face-of-covid-19-session-2-tickets-106209503484
I gcás go mbíonn seisiún lán, seol ríomhphost chuig adrian.colwell@artscouncil.ie agus cuirfear ar liosta feithimh thú.