PAINÉAL TEAGASCÓIRÍ CEOIL
Tá iarratais á lorg ag Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí, ar son Music Generation na Mí, ar fholúntais a d’fhéadfadh a theacht chun cinn in 2020 ó cheoltóirí le speisialachas i múineadh na réimsí a leanas:
- Teagasc grúpa bhig i nguth (cór san áireamh) nó uirlis (aon seánra ceoil).
- Teagasc grúpa mhóir (guth agus/nó uirlis) i réimse comhthéacsanna scoile, pobail agus óige.
- Ensemble (uirlis/guth), éascú buíonta ceoil, meantóireacht in aon seánra ceoil lena n-áirítear, mar is cuí, cumadh amhrán/cumadóireacht chruthaitheach/rapcheol, teicneolaíocht/taifeadadh ceoil etc.
- Luathbhlianta - Teagasc gutha agus/nó uirlise do leanaí faoi bhun 5 bliana d’aois
Ní mór go mbeadh taithí ag iarratasóirí cheana ar an gceol a theagasc do leanaí agus do dhaoine óga agus go mbeadh scileanna taibhithe cruthaithe acu.
Tá tuilleadh sonraí agus foirm iarratais le fáil ar www.etbjobs.ie
Is é an 28 Feabhra 2020 ag 13.00 an spriocdháta le haghaidh iarratas
|