Tá an samhradh agus na healaíona faoi lán seoil anois, agus obair den scoth ar bun, á taispeáint agus á cur ar stáitse i ngach áit in Éirinn.
D’fhógraíomar cheana féin an chéad 150 scoil – idir bhunscoil agus mheánscoil – a bheidh páirteach i dtreoirthionscadal Scoileanna Ildánacha na Comhairle Ealaíon, ar cuid thábhachtach de chlár Éire Ildánach an Rialtais é.
Tá ríméad orm a rá leat gur éirigh le Mike McCormack, scríbhneoir a bhfuil caidreamh fada ag an gComhairle Ealaíon leis trí chláir chónaitheachta agus dámhachtainí sparánachta, Dámhachtain Liteartha Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath a bhaint amach mar gheall ar an leabhar iontach a scríobh sé, Solar Bones.
Thug an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan an chéad chuairt ar an gComhairle Ealaíon le gairid. Chuir an tAire fáilte roimh chinntí a rinne an Chomhairle le déanaí inár scéim nua Maoiniú Deontais do na hEalaíona, áit a bhfuair 116 ealaíontóir agus eagraíocht ealaíne tairiscintí deontais a thugann suas go dtí deireadh 2019 iad.[nasc le heisiúint] Tá sé sin mar chuid dár gcreat nua maoinithe, agus samhlaímid go mbeifear in ann pleanáil níos fearr agus torthaí níos fearr a bhaint amach mar gheall ar an am breise.
Ar an gcaoi chéanna, ba mhaith liom d’aird a dhíriú go speisialta ar an spriocdháta dár nDámhachtain Tionscadal 2019 atá ag teannadh linn. In athrú ó bhlianta roimhe seo, ní bheidh ach babhta amháin i gceist sa scéim le haghaidh 2019 ar fad, mar sin ba cheart d’ealaíontóirí agus d’eagraíochtaí ar spéis leo é a gcuid dintiúir a bheith istigh acu roimh an spriocdháta 5.30pm, Déardaoin 16 Lúnasa. Tá na treoirlínte ar fáil ar ár suíomh gréasáin cheana féin.
Ar deireadh, tabhair faoi deara gurb é an spriocdháta do Mhaoiniú Straitéiseach agus Maoiniú Ionad ná 5:30pm an 6 Meán Fómhair, agus tá na treoirlínte ar fáil anseo.
Tá an ról mar Ealaíontóir Scannán Cónaithe cómhaoinithe ag an gComhairle Ealaíon agus ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus cuirtear ar fáil é i gcomhar le Féile Scannán Chorcaí. Is é is aidhm dó deis ar leith a thabhairt do scríbhneoir scáileáin a bhfuil gradam bainte amach aige/aici a c(h)leachtas a fhorbairt i dtimpeallacht ollscoile agus deis a thabhairt do mhic léinn ag an am céanna oibriú ar bhealach bríoch le healaíontóir atá ag cleachtadh le linn dóibh a bheith i mbun staidéir.
Tugann an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach Sebastian Barry Life Lines – Club Leabhar an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach, chomh fada le roinnt socruithe sláinte mí Lúnasa seo. Tá sé mar aidhm ag an gclub leabhar dul i gcion ar léitheoirí thar shocruithe ar leith a bhfuil sé níos deacra teacht orthu, le ficsean Éireannach comhaimseartha.
Tá Áras na Scríbhneoirí agus Ionad Tyrone Guthrie in Eanach Mhic Dheirg tagtha le chéile arís chun Sparánacht coicíse iomlán maoinithe le haghaidh Scríbhneoir Cónaithe a thairiscint, a bheidh ar siúl in earrach na bliana 2019. Ainmníodh an dámhachtain in ómós Jack Harte, bunaitheoir Áras na Scríbhneoirí, mar chomóradh agus aitheantas don mhéid a rinne sé ar son litríocht na hÉireann.
Tá duine cumasach á lorg ag Sorcas Pobail na Gaillimhe chun forbairt na cuideachta a leagan amach agus a stiúradh agus tógáil ar na deiseanna iontacha atá ar na bacáin againn.
Táimid ar lorg duine spreagtha, seiftiúil agus fuinniúil a bhfuil fonn air/uirthi oibriú laistigh d’eagraíocht atá ag fás de réir mar a ullmhaímid do bhliain na Gaillimhe mar Phríomhchathair Cultúir na hEorpa 2020 agus de réir mar a fhorbraítear na deiseanna breátha atá ar na bacáin.
Is Institiúid Cultúrtha Náisiúnta é Dánlann Ealaíne Crawford, suite i gcroílár na Cathrach agus é ar cheann de na foirgnimh is stairiúla i gCathair Chorcaí. Tógadh é an chéad lá riamh in 1724, rinneadh músaem ealaíne den fhoirgneamh ag deireadh an 19ú haois, agus cuireadh síneadh breá leis an ngailearaí sa bhliain 2000. Le bailiúchán de bheagnach 4,000 saothar ealaíne agus 12 spás taispeántais thar thrí urlár ba cheart do gach duine cuairt a thabhairt ar an nGailearaí.
Fógraíodh deis nua iontach do thionscadail a bhaineann leis na healaíona nuair a seoladh céad Dámhachtainí an Chrannchuir Náisiúnta um Dhea-Chúiseanna.
Is é Music Moves Europe an creat uileghabhálach le haghaidh thionscnaimh agus ghníomhaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh trína dtugtar tacaíocht d’earnáil an cheoil san Eoraip.
Is é Aerowaves an t-ardán Eorpach damhsa a bhfuil comhpháirtithe aige i 33 tír. Tríd an ardán, sainaithnítear na saothair is fearr ó ealaíontóirí damhsa atá ag teacht chun cinn agus cuirtear na saothair sin chun tosaigh trí mheán léirithe trasteorann, a chuireann ar chumas na gcóiréagrafaithe nua damhsa úrnua a chur ar a súile do lucht féachana úrnua.
Is é aidhm an ghlaoigh seo ná scéim soghluaisteachta trasteorann d’ealaíontóirí agus do ghairmithe sa chultúr a shainaithint agus a thástáil, a bheidh mar chéim tosaigh ansin le haghaidh scéim soghluaisteachta d’ealaíontóirí a chur chun feidhme go hiomlán mar chuid de chlár nua An clár, an Eoraip Chruthaitheach 2021-2027.