Uillinn: Clár Cónaitheachta d’Ealaíontóirí Ionad Ealaíon Iarthar Chorcaí 2020 │ Glaoch ar Iarratais
 |
Uillinn: Cuireann Ionad Ealaíon Iarthar Chorcaí deiseanna stiúideo ar fáil d’ealaíontóirí atá ag cleachtadh a ngairme faoi chlár Ealaíontóra Chónaithe. Iarrtar ar ealaíontóirí iarratas a dhéanamh chun deis a fháil taighde a dhéanamh ar a gcleachtas agus é a fhorbairt agus plé a dhéanamh le hUillinn, le heagraíochtaí eile i gCorcaigh, leis an bpobal áitiúil agus i gcoitinne.
Ní chuirtear lóistín ar fáil faoin gcónaitheacht seo. Ní chuireann Ionad Ealaíon Iarthar Chorcaí stipinn ar fáil don tréimhse cónaitheachta ach don dá chónaitheacht áirithe a liostáiltear thíos amháin. Molaimid go ndéanann ealaíontóirí iarratas chun maoiniú a fháil ar son lóistín, taistil agus costas óna gComhairlí Ealaíon, nÚdaráis Áitiúla etc. féin. Féach freisin an Scéim Soghluaisteachta d’Ealaíontóirí de chuid an AE www.i-portunus.eu/
Tá na trí Stiúideo Ealaíontóra lonnaithe ag Leibhéal 2, Uillinn, foirgneamh ealaíon nua de chuid Ionad Ealaíon Iarthar Chorcaí, agus tá siad idir 18.2 méadar cearnach agus 21.2 méadar cearnach. Is spásanna oibre atá ceangailte lena chéile iad, tá fuinneoga sa díon a bhfuil a n-aghaidh ó thuaidh, agus is féidir na spásanna éagsúla a scaradh óna chéile. Tá áiseanna téimh, deasc/binse oibre agus idirlíon gan sreang i ngach stiúideo. Féadfar rochtain a chur ar fáil d’ealaíontóirí le linn an deireadh seachtaine agus sa tráthnóna chomh maith.
Cuirtear spás ar fáil d'ealaíontóirí sna stiúideonna seo le bheith rannpháirteach i gclár oibre thar roinnt seachtainí nó míonna, le hidirghabháil a dhéanamh le healaíontóirí cónaitheacha eile agus le healaíontóirí a bhfuil a saothair ar taispeáint, agus lena gcleachtas stiúideo a oscailt do ghrúpaí ar leith atá ag tabhairt faoi chláir foghlama cruthaithí agus don phobal i gcoitinne. Tá sé i gcroílár an chláir go gcruthófar deis do dhaoine teagmháil a dhéanamh le healaíontóirí atá ag obair ar an láthair, agus mar sin iarrtar ar ealaíontóirí a stiúideonna a oscailt don phobal 2 lá sa tseachtain.
Cónaitheachtaí Comhpháirtíochta Is cúis áthais dúinn a bheith ag obair lenár gcomhpháirtithe chun tacú lenár gClár Ealaíontóra Chónaithe. Cónaitheacht Bhealtaine/Chomhairle Contae Chorcaí 2020 Uillinn: Cuireann Ionad Ealaíon Iarthar Chorcaí, i gcomhar le Age & Opportunity / Bealtaine agus Comhairle Contae Chorcaí, fáilte roimh iarratais ar chónaitheachtaí stiúideo ó ealaíontóirí atá ag cleachtadh a ngairme agus atá níos mó ná 50 bliain d’aois, a bheidh ar siúl idir an 1 agus an 31 Bealtaine 2020. Tacaíonn an chónaitheacht le healaíontóirí ar mian leo taighde a dhéanamh ar a gcleachtas agus é a fhorbairt agus plé a dhéanamh le hUillinn, le heagraíochtaí eile i gCorcaigh, leis an bpobal áitiúil agus i gcoitinne. Ní chuirtear lóistín ar fáil faoin gcónaitheacht seo. Gheobhaidh an t-ealaíontóir stipinn €1,500 i gcomhair na cónaitheachta agus roinnfidh sé/sí a s(h)aothair leis an bpobal ag roinnt imeachtaí le linn thréimhse na cónaitheachta lena n-áirítear imeacht Bhealtaine ag Uillinn, Dé Sathairn an 30 Bealtaine ag 12 meán lae. Beidh an t-iarrthóir rathúil mar chuid de Chlár Imeachtaí náisiúnta Fhéile na Bealtaine. Tá an chónaitheacht seo á heagrú i gcomhar le Age & Opportunity agus Comhairle Contae Chorcaí mar chuid d’Fhéile na Bealtaine – féile a dhéanann na healaíona agus an chruthaitheacht mar a théann muid in aois a cheiliúradh. Má tá tú ag cur isteach ar an gcónaitheacht seo, déan cinnte go marcálann tú CÓNAITHEACHT BHEALTAINE 2020 ar d’iarratas Cónaitheacht Chomhairle Contae Chorcaí 2020 Uillinn: Cuireann Ionad Ealaíon Iarthar Chorcaí, i gcomhar le Age & Opportunity / Bealtaine agus Comhairle Contae Chorcaí, fáilte roimh iarratais ar chónaitheachtaí stiúideo, a mhairfidh 4 seachtaine, ó ealaíontóirí atá ag cleachtadh a ngairme agus a bhfuil cónaí orthu i gceantar riaracháin Chontae Chorcaí. Tacaíonn an chónaitheacht le healaíontóirí ar mian leo taighde a dhéanamh ar a gcleachtas agus é a fhorbairt agus plé a dhéanamh le hUillinn, le heagraíochtaí eile i gCorcaigh, leis an bpobal áitiúil agus i gcoitinne. Ní chuirtear lóistín ar fáil faoin gcónaitheacht seo. Gheobhaidh an t-ealaíontóir stipinn €1,500 i gcomhair na cónaitheachta agus roinnfidh sé/sí a s(h)aothair leis an bpobal ag roinnt imeachtaí le linn thréimhse na cónaitheachta. Má tá tú ag cur isteach ar an gcónaitheacht seo, déan cinnte go marcálann tú CÓNAITHEACHT CHOMHAIRLE CONTAE CHORCAÍ 2020 ar d’iarratas
Chun tuilleadh eolais a fháil cliceáil arhttp://www.westcorkartscentre.com/residences.
Is trí ríomhphost amháin a ghlactar le hiarratais chuig learning@westcorkartscentre.com
Is é Dé hAoine an 12 Iúil 2019 an spriocdháta le haghaidh iarratas
 |
|