Imeachtaí Mhí an Mheithimh Tionscadail Náisiúnta - Gairmeacha Oscailte
THE CASEMENT PROJECT
Hospitable Bodies Symposium
The British Library, Londain
An 3 Meitheamh 2016
The Casement Project: Taibhiú Stáitse
The Place, Londain
An 11 agus an 12 Meitheamh 2016
Damhsaíonn The Casement Project le corp aerach Ruairí Mhic Easmainn, ridire de chuid na Breataine, reibiliúnach Éireannach, agus daonnúlach idirnáisiúnta, chun comhlacht náisiúnta a shamhlú a chuireann fáilte roimh an strainséir ón teorainn, chomh maith leis an té atá ar an taobh eile cheana féin.
Ag freagairt do chomóradh céad bliain ar Éirí Amach 1916 in Éirinn, agus dá chomhthéacs sa Chéad Chogadh Domhanda, úsáideann an cóiréagrafaí Fearghus Ó Conchúir leagáidí dearmadta an ama a caitheadh mar acmhainn don todhchaí. Cuireann sé luach an damhsa chun cinn mar fhoirm eolais ar féidir leis cuidiú le féidearthachtaí níos fearr maireachtála a shamhlú, tarlaíonn an chóiréagrafaíocht corp agus smaointe seo thar ardáin agus thar theorainneacha náisiúnta éagsúla.
Tagann foireann chruthaitheach a ghnóthaigh gradaim, pearsanra taibheoirí agus rannpháirtithe a bhfuil moladh faighte acu ar bhonn idirnáisiúnta ó na healaíona agus tharstu, i gcomhar le Fearghus chun cúig bhealach idirnasctha a chruthú do dhaoine chun páirt a ghlacadh sa tionscadal:
- The Casement Project, cóiréagrafaíocht don stáitse arna chur i láthair i Londain, i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste agus i gCiarraí
- Féile Fáilte, lá damhsa ar an trá ina ndéantar ceiliúradh, trí chineálacha éagsúla damhsa, ar an gcomhlacht náisiúnta fáilteach a bhí i mbrionglóidí Mhic Easmainn nuair a tháinig sé i dtír ar Thrá na Beannaí i 1916
- Fáilte, gearrscannán damhsa leis an stiúrthóir a bhfuil gradam Emmy buaite aici, Dearbhla Walsh, le craoladh agus le sruthú ar líne
- Dhá shiompóisiam acadúla thras-disciplíneacha, Bodies Politic i Maigh Nuad agus Hospitable Bodies: The Casement Symposium i Londain, ina ndéanfar machnamh ar leagáid Mhic Easmainn agus ar shaothar an ealaíontóra chomhaimseartha mar shaoránach
- Sraith deiseanna don éagsúlacht daoine a bheith mar chuid de phróiseas cruthaithe The Casement Project agus chun a bhfreagairt chruthaitheach féin leis an ábhar a fhiosrú.
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig www.thecasementproject.ie / www.fearghus.net
CAMCHUAIRT
Remembering in 2016
Á chur i láthair ag Cór Aireagail Éireann
Faoi stiúir Paul Hillier
Ard-Oifig an Phoist, Baile Átha Cliath
12 Meitheamh 2016
Gregynog Hall, Tregynon, an Bhreatain Bheag
26 Meitheamh
Déanann Cór Aireagail Éireann comóradh ar imeachtaí suntasacha in 2016, ní amháin Éirí Amach 1916 ach freisin cothrom 400 bliain ó fuair William Shakespeare bás. Tá dhá shaothar a coimisiúnaíodh as an nua mar chuid den chlár ina ndéantar comóradh ar chothrom 100 bliain an Éirí Amach – ceann le Stephen McNeff arb as Béal Feirste ó dhúchas dó ina mbeidh téacs coimisiúnaithe as an nua leis an bhfile Éireannach Aoife Mannix agus an dara ceann leis an gcumadóir Éireannach Gráinne Mulvey.
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig www.chamberchoirireland.com