Tosaíonn na healaíona mí Feabhra leis an dea-nuacht gur bhuaigh Sebastian Barry Gradam Leabhar na Bliana Costa – arís! Is é Sebastian an chéad úrscéalaí a bhuaigh an duais mór le rá seo faoi dhó, agus dúirt na moltóirí go raibh a leabhar, Days Without End, ‘géar, iontach agus an-chorraitheach.’ Seolaimid ár gcomhghairdeas chuig Sebastian, agus chuig na scríbhneoirí Éireannacha Jess Kidd agus Billy O’Callaghan a bhuaigh an chéad agus an dara háit i gComórtas Gearrscéalaíochta Costa, agus leis an údar atá lonnaithe in Éirinn, Brian Conaghan, a bhuaigh Gradam Costa le haghaidh Leabhar Leanaí na bliana.
Tá an t-ealaíontóir i gcroílár straitéis 10 mbliana na Comhairle Ealaíon, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh, ina dtugaimid aitheantas go léiríonn saothar ealaíontóirí an t-am i láthair, go gcuireann sé lenár dtuiscint ar an am a caitheadh, agus go spreagann sé ár bhfís don am atá le teacht.
Breathnaímid ar ár dtacaíocht d’ealaín ardchaighdeáin a dhéanamh mar cheann de na feidhmeanna is tábhachtaí atá againn, agus tacóimid go láidir le ról sainiúil agus tábhachtach an ealaíontóra sa tsochaí agus i mbeartas cultúrtha náisiúnta.
Cuireann ár bplean trí bliana ár bprionsabail i bhfeidhm, trína ngeallaimid comhaontuithe a thabhairt isteach a chinntíonn íocaíocht chothrom agus chóir d’ealaíontóirí; a mhéadaíonn ár n-infheistíochtaí i sparánachtaí; a aimsíonn bealaí nua le cuidiú le healaíontóirí atá ag teacht chun cinn agus atá i lár a ngairme; agus bearta dírithe eile.
Ar deireadh, meabhraítear d’ealaíontóirí agus d’oibrithe ealaíne gurb é an spriocdháta d’iarratais nua ar Chomhaltacht Jerome Hynescuid de chlár ceannaireachta cultúrtha Clore atá lonnaithe i Londain ná 12 meán lae, an 13 Feabhra 2017.
Ón 2-4 Márta sa Cheoláras Náisiúnta, beidh tionscnamh mór comhpháirtíochta idir RTÉ, an Ceoláras Náisiúnta agus an Chomhairle Ealaíon, Nuacheol Bhaile Átha Cliath, ar bun ina gcuirfear i láthair cumadóireacht ceoil agus nuacheol idirnáisiúnta agus Éireannach den scoth.
Tá an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach mórtasach The Reader’s Voice a chur i láthair, sraith agallamh le húdair ar fud na tíre, a dhéanfaidh ceiliúradh ar an léitheoir, na leabharlanna áitiúla agus scríbhneoireacht den scoth in Éirinn.
Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis na Comhairle Ealaíon ná Déardaoin, an 6 Aibreán 2017 ag 5.30 pm.
Cuirfear tús leis an tréimhse inar féidir iarratais a chur isteach don chéad bhabhta eile de na Gairmeacha Oscailte an 21 Márta. Is é spriocdháta na Scéime seo 5.30pm Déardaoin, an 20 Aibreán 2017.
Cuirfear tús leis an tréimhse inar féidir iarratais a chur isteach don chéad bhabhta eile de na Scéimeanna Damhsa agus Téatair an 14 Márta. Is é an spriocdháta do na scéimeanna nua 5.30 pm Déardaoin, an 13 Aibreán 2017.
Tá New Voices of Ireland 2017, Sraith 5, á chur i láthair ag an Centre for Creative Practice, ag cur fáilte roimh aighneachtaí ó ealaíontóirí imirceacha, turgnamhacha agus atá ag teacht chun cinn i ngach cineál disciplín faoin téama: “Imirce – Ó Ualaí go Deiseanna”, spriocdháta: 24 Feabhra 2017.
Tá an PRS for Music Foundation ag fáil tograí ó eagraíochtaí atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn ar mian leo nuacheol ó gach seánra a chomhchoimisiúnú nó dul ar camchuairt leis don chlár Beyond Borders (Thar Teorainn).
Tugadh breis agus €13.7 milliún go dtí seo faoi Fhochlár Cultúir na hEorpa Cruthaithí do thionscadail lena mbaineann comhpháirtithe Éireannacha agus tugadh €2 mhilliún do thionscadail faoi stiúir Éireannach
Tá deichniúr a bhfuil tuairimí láidre acu á lorg ag Aerowaves, deichniúr a bhfuil suim acu i scríobh maidir le damhsa nó a bhfuil taithí éigin acu air.
Ní hamháin go n-eagraímid ár gcuid imeachtaí féin, ach is minic a thugtar cuireadh do Dheasc na hEorpa Cruthaithí in Éirinn – Oifig Cultúir chun labhairt ag imeachtaí trasna na tíre.