Tionscadail Chomhoibrithe Cultúir sna Balcáin Thiar 2019
 |
“Comhoibriú cultúrtha a neartú le tionscail chultúir agus chruthaitheacha sna Balcáin Thiar agus iomaíochas na dtionscal sin”
Tá an ghairm tograí le haghaidh Thionscadail Chomhoibrithe Cultúir sna Balcáin Thiar ar fáil ar líne anois anseo
Is é cuspóir foriomlán na gairme seo comhréiteach agus dea-chaidrimh a chothú sna Balcáin Thiar trí chomhoibriú agus cruthaitheacht chultúrtha.
Ba cheart go mbainfeadh réigiún na mBalcán Thiar go príomha leas as na tionscadail a gheobhaidh tacaíocht agus díreofar go háirithe ar thosaíochtaí chun:
- Acmhainn na dtionscal cultúir agus cruthaitheach a mhéadú ionas go bhfeidhmeoidh siad ar bhonn trasnáisiúnta agus idirnáisiúnta
- Dáileachán trasnáisiúnta ar shaothair chultúrtha agus chruthaitheacha a mhéadú agus soghluaisteacht thrasnáisiúnta daoine a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíochtaí cultúrtha agus cruthaitheacha
- Idirphlé idirchultúrtha a fheabhsú idir ealaíontóirí, oibreoirí cultúir mar aon leis an bpobal i gcoitinne
Meastar go bhfuil buiséad EUR 5,000,000 curtha ar leataobh chun tionscadail a chómhaoiniú. Beidh deontas íosta de EUR 100,000 in aghaidh an tionscadail ar fáil agus beidh deontas uasta de EUR 500,000 ar fáil. Féadfar suas le 85% de chostais incháilithe iomlána an tionscadail a bheith i gceist leis an méid deontais a iarrfar. Gheobhaidh na hiarratasóirí an chuid eile. Táthar ag súil go maoineoidh an Ghníomhaireacht thart ar 20 togra.
Spriocdháta 17 Márta, 17:00 Am Lár na hEorpa
Dátaí tosaigh: Idir 1 Eanáir agus 31 Márta 2021.
 |
|