Taispeántais atá ar na bacáin ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon
 |
Is iad na príomhthosaíochtaí in Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Forbairt na nEalaíon in Éirinn a Threorú na healaíontóirí agus rannpháirtíocht an phobail leis na healaíona. Ag teacht leis sin glacadh leis an ráiteas misin seo a leanas le haghaidh Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon:
Tacaíonn bailiúchán na Comhairle Ealaíon le rannpháirtíocht ealaíontóirí agus an phobail leis na healaíona. Déanann sé é sin trí shaothar comhaimseartha den scoth a cheannach a mbainfear sult as agus a bheidh fiúntach trí thaispeántas agus cláir a sheachadtar go díreach agus le comhpháirtithe. Síos tríd an mbailiúchán, feidhmíonn an Chomhairle Ealaíon freisin mar chaomhnóir agus mar chúramóir scoth na healaíne thar ceann mhuintir na hÉireann.
Sna blianta seo romhainn, beidh an Chomhairle Ealaíon i mbun tuilleadh forbartha ar a clár chun rochtain agus rannpháirtíocht mhéadaithe lena Bailiúchán a éascú. Beidh saothair ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon sna taispeántais seo a leanas a bheidh ag oscailt sna míonna seo romhainn:
Gheobhaidh tú tuilleadh sonraí ar an mBailiúchán ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon.
Más eagraíocht thú agus má tá suim agat tuilleadh a fháil amach faoi bheith ag obair le Bailiúchán na Comhairle Ealaíon déan teagmháil le ben.mulligan@artscouncil.ie.
 |
|