Is é aidhm an Chiste Gníomhaíochta Cláir (CGC) ná cuidiú leis an earnáil Daoine Óga, Leanaí agus Oideachais le costais gné amháin nó níos mó de chlár ealaíonta atá beartaithe le haghaidh 2015. Níl sé i gceist go dtacódh an Ciste Gníomhaíochta Cláir le príomhchostais ná le costais riaracháin na heagraíochta.
Tá sé tábhachtach go mbeadh an clár oibre a aithnítear ag teacht le tosaíochtaí straitéiseacha na Comhairle Ealaíon maidir le Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin gciste seo, téigh i dteagmháil le hEimear Harte. Ríomhphost: eimear.harte@artscouncil.ie; Teil: 01 6180208.
Is é an dáta deiridh chun iarratais chomhlánaithe a fháil 5:30pm, Déardaoin an 4 Nollaig 2014.
Conas a dhéanfaidh mé iarratas?
Chun iarratas a dhéanamh ar an gCiste Gníomhaíochta Cláir, beidh ort clárú ag https://onlineservices.artscouncil.ie/Secure/Login.aspx?oldLang=en-ie&lang=gd-ge
Cliceáil ar an gcnaipe ‘Cláraigh’ faoi ‘Úsáideoir Nua’ (mura bhfuil tú cláraithe cheana féin).
Cláraigh mar ‘Eagraíocht’ agus roghnaigh ‘Ar aghaidh’.
Líon isteach na sonraí atá ag teastáil agus cliceáil ar ‘Cláraigh’. Gheobhaidh tú ríomhphost go luath ina dtabharfar sonraí do phasfhocail duit chun logáil isteach.
Nuair a bheidh do ríomhphost faighte agat agus tú logáilte isteach ar an suíomh ar líne beidh tú in ann foirm iarratais agus nótaí treorach faoin scéim a íoslódáil.
Cuirfear tús leis an tréimhse inar féidir iarratais a chur isteach Dé Máirt an 4 Samhain 2014.