Tosaíonn na healaíona mí Feabhra leis an dea-nuacht gur bhuaigh Sebastian Barry Gradam Leabhar na Bliana Costa – arís! Is é Sebastian an chéad úrscéalaí a bhuaigh an duais mór le rá seo faoi dhó, agus dúirt na moltóirí go raibh a leabhar, Days Without End, ‘géar, iontach agus an-chorraitheach.’ Seolaimid ár gcomhghairdeas chuig Sebastian, agus chuig na scríbhneoirí Éireannacha Jess Kidd agus Billy O’Callaghan a bhuaigh an chéad agus an dara háit i gComórtas Gearrscéalaíochta Costa, agus leis an údar atá lonnaithe in Éirinn, Brian Conaghan, a bhuaigh Gradam Costa le haghaidh Leabhar Leanaí na bliana.
Tá an t-ealaíontóir i gcroílár straitéis 10 mbliana na Comhairle Ealaíon, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh, ina dtugaimid aitheantas go léiríonn saothar ealaíontóirí an t-am i láthair, go gcuireann sé lenár dtuiscint ar an am a caitheadh, agus go spreagann sé ár bhfís don am atá le teacht.
Breathnaímid ar ár dtacaíocht d’ealaín ardchaighdeáin a dhéanamh mar cheann de na feidhmeanna is tábhachtaí atá againn, agus tacóimid go láidir le ról sainiúil agus tábhachtach an ealaíontóra sa tsochaí agus i mbeartas cultúrtha náisiúnta.
Cuireann ár bplean trí bliana ár bprionsabail i bhfeidhm, trína ngeallaimid comhaontuithe a thabhairt isteach a chinntíonn íocaíocht chothrom agus chóir d’ealaíontóirí; a mhéadaíonn ár n-infheistíochtaí i sparánachtaí; a aimsíonn bealaí nua le cuidiú le healaíontóirí atá ag teacht chun cinn agus atá i lár a ngairme; agus bearta dírithe eile.
Ar deireadh, meabhraítear d’ealaíontóirí agus d’oibrithe ealaíne gurb é an spriocdháta d’iarratais nua ar Chomhaltacht Jerome Hynescuid de chlár ceannaireachta cultúrtha Clore atá lonnaithe i Londain ná 12 meán lae, an 13 Feabhra 2017.
Le dea-mhéin,

Orlaith McBride
Stiúrthóir