Fáilte go heagrán mhí Dheireadh Fómhair dár Nuachtlitir
‘Be easy, October’
Deir an ceoltóir Lisa O’Neill 'Be easy, October' i léiriú mealltach Amharclann na Mainistreach de The Great Hunger le Patrick Kavanagh ag IMMA, agus is cinnte go dtéann sé i bhfeidhm níos mó ná riamh orainn i mbliana. Fuair Derek Mahon, file mór le rá, bás an tseachtain seo caite, rud a d'fhág bearna ollmhór agus cuireann sé tús brónach leis an mí.
I gcás go leor agaibh, tá a fhios agam go mbeidh sibh gafa sna seachtainí amach romhainn leis an iarratas bliantúil ar mhaoiniú agus is dócha nach é ‘éasca’ an focal is túisce a shamhlófaí leis an gcúram sin. Tá súil againn nach gcuirfidh sé an iomarca struis oraibh agus go mbeidh sibh in ann bealach a aimsiú le bheith dearfach agus smaoineamh go straitéiseach. Tuigimid go hiomlán go bhfuil an t-iarratas seo á dhéanamh agaibh le linn tréimhse thar a bheith neamhghnách agus dúshlánach, agus geallaimid go bhfuil tuiscint mhaith againn ar an éiginnteacht leanúnach atá i gceist de réir mar a théann an t-am ar aghaidh. Bhí oraibh a bheith an-solúbtha in bhur gcur chuige maidir le bhur n-eagraíocht agus bhur gclár oibre agus feicfidh sibh an leibhéal céanna solúbthachta uainn. Tá a fhios againn go bhfuil go leor imní oraibh agus tá súil againn an oiread cinnteachta agus is féidir a thabhairt daoibh sna míonna amach romhainn. Tuigimid go raibh oraibh dul in oiriúint do ré eisceachtúil agus cuirfear é sin go léir san áireamh agus muid ag féachaint ar bhur n-iarratais.
In bhur bpleananna, ba mhaith linn go mór dá ndíreofaí ar an mbealach a bhfuil sé i gceist agaibh dul i gcion ar an lucht féachana agus éisteachta, agus a mbeidh sibh rannpháirteach go fónta agus go bríoch le healaíontóirí ag an am seo atá thar a bheith crua orthu. Tá a fhios againn go raibh gach duine thar a bheith samhlaíoch maidir leis an gcaoi a ndeachaigh siad in oiriúint don ghéarchéim atá ann faoi láthair agus táimid ag tnúth le fianaise air sin go léir a fheiceáil in bhur n-iarratais. Beidh líon méadaithe sparánachtaí, coimisiún agus dámhachtainí tionscadail á mbronnadh againn sna míonna amach romhainn agus tá súil againn go bhfaighidh sibh neart deiseanna oibriú le healaíontóirí nua agus go gcruthóidh sibh comhpháirtíochtaí a thabharfaidh pléisiúr don phobal sna blianta amach romhainn. D’fhonn imní maidir le sreabhadh airgid a mhaolú, beimid in ann réamhíocaíochtaí suas le 20% de leibhéal deontais 2020 a chur ar fáil dóibh siúd agaibh a fhaigheann maoiniú straitéiseach agus maoiniú ionad ealaíon.
Déanann an Chomhairle Ealaíon, i ngach rud a dhéanann sí, iarracht chun meas agus tacaíocht a thabhairt do gach guth agus cultúr atá in Éirinn an lae inniu. Tá ár dtreoirlínte rannpháirtíochta pobail le fáil sa nuachtlitir seo agus tá súil againn go dtabharfaidh sibh aird orthu sin agus sibh i mbun comhrá linn ar na meáin shóisialta.
Má tá cúpla nóiméad a spáráil agaibh, molaimid daoibh féachaint ar an bhfíseán álainn seo ó The Ark faoi na cora agus castaí a bhí ag baint le seó nach féidir a chur i láthair, go fóill. https://youtu.be/oMgSaALl2kk
Tá sé lán de dhóchas agus d’athdhearbhú agus ba cheart go gcuideodh sé linn an mhí seo.
Fanaigí sábháilte agus slán agus bígí i dteagmháil linn.
Déanann an Chomhairle Ealaíon bainistíocht ar chainéil éagsúla meán sóisialta ina bhfuil sé mar aidhm againn pobal spreagúil agus tacúil a chruthú do chách. Rinneamar ár dTreoirlínte Rannpháirtíochta Pobail do na Meáin Shóisialta a nuashonrú le déanaí.
Tá comhpháirtíocht fhada ag an gComhairle Ealaíon le roinnt ollscoileanna Éireannacha chun poist mar Scríbhneoir Cónaithe/Comhaltacht a chur ar fáil d’fhonn deis a thabhairt do mhic léinn ollscoile atá i mbun clár MA agus MFA sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach oibriú le húdar gairmiúil a bhfuil meas air, agus d’fhonn deis a thabhairt do scríbhneoirí a saothar a fhorbairt fad is atá seasamh airgeadais réasúnta cobhsaí acu.
Mairfidh gach clinic thart ar 1 uair an chloig. Déanfar cur i láthair agus seisiún ceisteanna agus freagraí gairid ina dhiaidh sin. Beidh clinicí ar siúl Dé Céadaoin & Dé hAoine, 7 & 9 Deireadh Fómhair idir 2.00–3.00 p.m.
Tá iarratais á lorg ag an gComhairle Ealaíon agus ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh ó ealaíontóirí scannán dearscnaitheacha don ról mar Ealaíontóir Scannán Cónaithe in UCC don bhliain féilire 2021.
Tar éis Oíche Chultúir iontach a chruthaigh oíche náisiúnta d’eispéiris chultúrtha, tá an Chomhairle Ealaíon anois ag tabhairt faoi chéim taighde chun cabhrú le hOícheanta Cultúir a eagrú sa todhchaí.
Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon a dhearbhú gur ceapadh na comhairleoirí Janice McAdam, Heather Maitland agus Annette Nugent chun athbhreithniú fianaise, taighde agus comhairliúchán a dhéanamh ar Oíche Chultúir thar ceann na Comhairle Ealaíon agus a páirtithe leasmhara comhpháirtíochta.
Cuireann an Chomhairle Ealaíon agus Roinn an Cheoil i gColáiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta i Coláiste na hOllscoile Corcaigh fáilte roimh iarratais le haghaidh Ealaíontóir Traidisiúnta Cónaithe don bhliain féilire 2021.
Tá Peadar Ó Riada ag glacadh le hiarratais anois ó phíobairí agus ó chruitirí do chomórtas Bhonn Óir Seán Ó Riada na bliana seo. Is é Dé hAoine 16 Deireadh Fómhair an spriocdháta.
Sa bhliain as an ngnáth seo, déanfaidh Open House Dublin ceiliúradh ar athléimneacht, acmhainneacht agus tallann eisceachtúil san ailtireacht agus sa dearadh uirbeach atá le fáil inár gcathair agus inár náisiún.